Tá Stanley Curry, 47 mbliana, as Moreton, Wirral, Merseyside ó dhúchas cúisithe as buama a chur faoi charr John “Big Jack” Thompson, cara mór le Johnny Adair, in Bolton i mí na Nollag 2003.
Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
Dúirt an Breitheamh Kearns go mbeadh sé “mí-réadúil” na cúisithe agus a lucht cosanta a bheith ag súil nach ndéanfadh nuachtáin agus meáin eile tuairisciú ar thrialacha a bhfuil baint ag an bpobal i gcoitinne leo.
Is cainteoir dúchais Gaeilge é an tUas Ó Maicín atá cúisithe as ionsaí a dhéanamh ar fhear eile agus tá sé den bharúil go mbeadh sé faoi mhíbhuntáiste dá n-éisteofaí an cás i mBéarla nó dá mbeadh ateangaire ag déanamh aistriúcháin sa chúirt.
Maíonn fear eile “go bhfaca” sé duine sa reilig áitiúil maidin fhliuch amháin, duine a fuair bás cúpla lá ní ba luaithe agus a bhí cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa sráidbhaile.