cúinsí
circumstances
Ach nach fearr cabhrú leo foghlaim conas dul ag iascaireacht agus conas muinín a bheith acu iontu féin leis an scil a fhorbairt, agus tuiscint conas athrú nuair a thagann athrú ar na
cúinsí.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta
in certain extreme circumstances
Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn,
faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
cúinsí eacnamaíochta
economic circumstances
Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil na teaghlaigh leath chomh mór anois, ar an meán, is a bhídís scaitheamh den tsaol, agus fágann sin go bhfuil lagan ar an líon daoine óga, gan
cúinsí eacnamaíochta a chur san áireamh, beag nó mór.
cúinsí stairiúla
historic circumstances
Leis an ghás a dhíol bheadh orthu é chur i bpíopaí chun an chósta sa tSile nó i bPeiriú, rud nár thaitin leis an daonra ar chor ar bith de thairbhe
cúinsí stairiúla.
cúinsí stairiúla
historic circumstances
asp) Cuid 1 den alt anseo
Is dócha go bhféadfaí an cheist a chur, cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin ag na daoine anseo sa Ghaeilge, agus sna Ceiltigh go háirithe? Bhuel, de réir mar a thuigimse, tagann
cúinsí stairiúla agus polaitiúla isteach sa scéal.
cúinsí
circumstances
Cumhacht na gaoithe
=======
Is beag is féidir le Rialtas na hÉireann, ná go deimhin leis an gCoimisiún Eorpach, a dhéanamh faoi na
cúinsí sin ar fad.
cúinsí athraitheacha
changing circumstances
)
Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir
cúinsí athraitheacha.
chúinsí
circumstances
Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach?
Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar
chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin
who scores under those circumstances
Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir
a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
ag brath ar chúinsí geilleagracha
depending on economic circumstances
Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim,
ag brath ar chúinsí geilleagracha.
cúinsí polaitiúla
political circumstances
”
Chaill Gael Linn an deontas a bhí á fháil acu le haghaidh scannánaíochta de bharr “
cúinsí polaitiúla” sna seachtóidí, ach lean Marcus ar aghaidh lena chuid scannánaíochta féin.
i gcúinsí pearsanta duine
in a person's personal circumstances
Thig le hathruithe
i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.
na cúinsí céanna teanga
the same language conditions
Ar cheart go gcuirfí
na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
cúinsí
circumstances
Ach thuig an bheirt acu, ina gcroí istigh, nár leor, sna
cúinsí inar leandáil Denis Donaldson, nár leor an méid sin mar chosaint aige ná mar bharántas dó.
cúinsí
circumstances
Is ag déanamh éagóra atá staraithe ar nós English agus tráchtairí ar nós Lloyd mura dtugann siad aghaidh ar na
cúinsí a bhí taobh thiar de Chogadh na Saoirse agus an t-aisfhreagra ar na cúiseanna sin.
cúinsí eisceachtúla
exceptional circumstances
2 billiún a bhí caite ag an rialtas ar dheontais d’fheilméaraí le cúig bliana roimhe sin (“
cúinsí eisceachtúla” mar a tugtar air).
cúinsí
circumstances, conditions
Chonaic sé cosúlachtaí ón tús idir
cúinsí in Alasca agus in Éirinn.
luann sé cúinse eile atá riachtanach
he mentions another necessary condition
Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus
luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
faoi aon chúinsí.
under any circumstances.
Ní chreideann sé sa mhairtíreacht
faoi aon chúinsí.
bunaithe ar thaighde ar chúinsí
based on research on factors
Tá na moltaí seo
bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
faoi chúinsí eitice
about ethical circumstances
In aois seo na bhfón póca agus suíomhanna físe idirlín is beag is fiú a bheith ag díospóireacht
faoi chúinsí eitice agus pé acu ar cheart nó nár cheart na pictiúir a thaispeáint.
i gcúinsí
in circumstances
D’fhág sé an *Times* anuraidh –
i gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don *Irish Independent*.
Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe
I think that the state have a right to use violence under certain circumstances
Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe – má tá rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.
r chúinsí eacnamúla
on economic grounds
Tá píosa beag den fhírinne ag baint leis an tuairim sin sa chás seo mar i ndeireadh ama is dócha gur a
r chúinsí eacnamúla a dhéanfar an cinneadh i leith scriosadh na Ríochta.
i gcúinsí amhrasacha
in suspicous circumstances
Fuair an príomh-aire, Zurab Zhvania, bás
i gcúinsí amhrasacha i mí Feabhra na bliana 2005.
cúinsí is ainnise
most desperate conditions
Tá daoine ag fáil bháis san idirlinn agus iad beo sna
cúinsí is ainnise.
in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha
despite the unusual circumstances
Rinne Elizabeth gach iarracht só agus cúram a thabhairt do na páistí
in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha a raibh siad.
As na cúinsí sin uilig
from all of these conditions
As na cúinsí sin uilig a tháinig bronntanas an chúig fán gcéad breise sin.
cúinsí
conditions
San áit nach raibh
cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na
cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
gcúinsí
circumstances
----------
Léirmheas na Míosa
‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson
In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i
gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
cúinsí
conditions
Cén idirghabháil atá inghlactha sna
cúinsí sin, dar leat?
LH: Bhuel, creidim go gcaithfimid deiseanna a chur ar fáil.
cúinsí
conditions
Cad atá bainte amach agat faoin mhana sin?
Uachtarán na hÉireann: Bhí
cúinsí ar leith i mo chúlra féin agus i gcúlra Mháirtín a chuidigh go mór leis an bheirt againn teagmháil fhónta a dhéanamh le daoine ó dhá thaobh an phobail i dTuaisceart Éireann.
cúinsí gheilleagair
economic conditions
Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr
cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
cúinsí
conditions
I gcás chuile Dháilcheantar, chomh maith le pobalbhreith an Irish Times, thógas san áireamh
cúinsí áitiúla, chomh fada agus ab eol dom iad.
cúinsí
conditions
Nó d’fhéadfaí leas a bhaint as meascán de na
cúinsí seo, faoi mar a dhéantar i go leor tíortha eile.
cúinsí
conditions
Bhí na
cúinsí i gceart mar sin le haghaidh cluiche maith agus is cluiche maith a cuireadh i láthair an tslua bhreá a bhailigh isteach faoin ardán ar an taobh thiar den pháirc.
cúinsí ar an talamh
conditions on the ground
Luaigh Gillard ceist an bheartais scoir ina ráiteas sa pharlaimint, ach dhiúltaigh sí scun scan aon dáta a chur in iúl don scor mar gur mhaígh sí go mbeadh an cinneadh seo ag brath ar “na
cúinsí ar an talamh”.
cúinsí
conditions
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu:
- A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na
cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó
- B) Rachaidh siad ar imirce; nó
- C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó
- D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
cúinsí
conditions
Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na
cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
chúinsí eile
other reasons
Tugadh an tír faoi réir tuataí agus d’imigh an chumhacht a bhíodh ag an eaglais roimhe sin ar
chúinsí eile sa tréimhse chéanna.
gcúinsí
conditions
Bhí na mianadóirí i ndiaidh siúl ó dheisceart na Breataine Bige go Londain le hagóid a dhéanamh in éadan na
gcúinsí ina raibh siad beo.
de réir chúinsí na foirmle
in keeping with the formula conditions
Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is
de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
cúinsí
conditions
Chruthaigh sí na
cúinsí - thug a beart cead dúinn, más mian leat, an lámh fháilteach a shíneadh chuici.
chúinsí geilleagair
economic reasons
Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar
chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta.
De bharr cúinsí geilleagair an ama
due to economic circumstances of the time
De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach.
cúinsí aicme
reasons of class
Níl Winslet, máthair an chiontóra, sásta leithscéal glan a ghabháil thar cheann a mic (
cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir).
cúinsí míchuí ar an talamh
improper conditions in place
Nuair a bhreathnaím ar bhunchuspóirí an mhisin agus ar na
cúinsí míchuí ar an talamh in Uruzgan, is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann.
cúinsí lín inscne
conditions of gender representation
Cuirfear
cúinsí lín inscne i bhfeidhm fosta.
chúinsí staire a spreag
historic reasons were behind
Maíodh gur
chúinsí staire a spreag an taobhachtáil sin.
bhain cúinsí ar leith leis
special conditions pertained to
Ach
bhain cúinsí ar leith leis an stoirm seo.
idir chúinsí sainiúla thinneas
between the distinct conditions of (Mrs. F’s) illness
Ach ní léir in aon chor féiliúnacht an reductio sin mar níor scríobh na breithimh i ndáiríre mar gheall ar an nasc
idir chúinsí sainiúla thinneas Mrs Fleming agus na torthaí diúltacha san Ísiltír dár béimníodh.
cúinsí na múinteoirí sa tír
teachers conditions in the country
Tá mé díreach ag iarraidh do bharúil a fháil faoin staid ina bhfuil cúrsaí i dtaca le pá agus
cúinsí na múinteoirí sa tír.
cúinsí nó an comhthéacs
conditions or context
"
Fréamacha i bhFad Siar
=========
Le linn dó seo uilig a bheith ag dul ar aghaidh, bhí
cúinsí nó an comhthéacs ag athrú i bpobail ar fud an tuaiscirt.
ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha
for Nazi motives
Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh
ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Is i gcúinsí mar seo
it's in such circumstances
Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
Cúinsí staire
historical reasons
Dar fia, is ait an dream sinn, gan aon agó!
Cúinsí staire ba mháthair don neamairt seo ar feadh i bhfad is dócha.
ar chúinsí geilleagair
for economic reasons
An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó?
“Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall
ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige.
a sháraíonn cúinsí ama
which surmount matters of time
Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne
a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn.
cúinsí pearsanta
personal reasons
”Agus i gcónaí gcónaí, bíonn
cúinsí pearsanta ag baint le sealbhú teanga mar is eol do Mhuireann ach go háirithe.
nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu
for they’ve a very difficult life there
Níl aibhléis ná uisce reatha sa mhainistir
nó cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu.
chúinsí seachtracha
external circumstances
Ní féidir an locht go léir a chur ar an drochaimsir agus ar
chúinsí seachtracha, áfach.
cúinsí an tsaoil
circumstances of life
Scaipeann
cúinsí an tsaoil sinn i mbealaí éagsúla.
cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar
matters in that part of the world influencing
Tá Mícheál Ó hAodha den bharúil go bhfuil lagar ar réimeas al-Assad na Siria, ach go bhfuil
cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar an scéal i rith an ama.
d’athraigh na cúinsí oibre dá réir
work conditions have changed accordingly
Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus
d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.