An bhfuil siad ag rá linn i ndáiríre go gcosnódh sé os cionn €63m sa bhliain téacsanna Gaeilge ar bhileoga eolais a thástáil lena chinntiú go dtuigfeadh an léitheoir an fhoclaíocht a úsáidtear?
Ar ndóigh thuigfeá cad tuige go mbeadh an Roinn Sláinte ag feidhmiú ar mhaithe le
mianta an tionscal cógaisíochta ach cén fáth nár chuir Roinn na Gaeltachta a mhalairt de chás chun cinn? Gíog ná míog níor chualathas uathu ar an cheist seo agus ní léir go bhfaca siad aon chúram dóibh ann.