céimeanna
steps
(Is iomaí uair a d'éalaigh mé síos na
céimeanna sin agus a chaith mé lá iomlán ar an trá nuair a bhí súil liom áit éigin eile - sa phortach, mar shampla.
céim mháistreachta
MA
Tá tuairim is ar 300 ag déanamh staidéir ar an ábhar sa chéad bhliain, 60 sa dara bliain agus 50 sa tríú bliain, chomh maith le cúig dhuine is fiche atá ag plé le
céim mháistreachta nó le dioplóma iarchéime.
céim chun tosaigh
one step ahead
Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith
céim chun tosaigh i gcónaí.
céimeanna cloiche
stone steps
Bhí mé ar mo bhealach chuig oifig an phoist le cúig stampa a fháil agus bhí sí ag teacht anuas na
céimeanna cloiche ag an nóiméad céanna.
bhronnadh na gcéimeanna
graduation
Ní raibh sé i láthair do
bhronnadh na gcéimeanna i bhfómhar na bliana sin mar go raibh sé ag tosú poist nua le Conradh na Gaeilge an lá sin.
céime máistreachta
master's degree
Dá bhféadfainn déileáil leis sin, bheinn sona sásta mar dhuine, ach nílim!"
Chuaigh sé ar ais chun na hollscoile i 1991 agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an mhuireolaíocht i gcomhar
céime máistreachta.
céim
degree
"
Ceann de na cúiseanna, dar léi, a raibh atmaisféar chomh maith i gCorcaigh ná go rabhthas tar éis tús a chur leis an saoroideachas an bhliain roimhe sin, rud a thug deis do dhaoine nach bhfuair a muintir riamh oideachas tríú leibhéal
céim a bhaint amach.
chéim
step
Ní scrúdú ródhian a bhí ann ach féachadh air mar
chéim thábhachtach i saol an dalta - chuir sé in iúl go raibh deireadh ag teacht le ré amháin agus go raibh tús á chur le ceann eile.
chéim
step
Tógtar na grúpaí sin ón gcéad
chéim nuair a chuireann siad glaoch ar an oifig go dtí go mbaineann siad aitheantas sealadach amach ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
céim
degree
Tá
céim aige sa Rúisis agus sa Ghaeilge.
céim síos
a lower status
An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh
céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo?
Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
ardú céime
promotion
Thug cuid de na múinteoirí i Sasana faoi deara an treo a raibh an ghaoth ag séideadh blianta ó shin agus léim siad ar an *bandwagon* chun
ardú céime agus tuilleadh airgid agus cumhachta a fháil dóibh féin.
chéim mhuiníneach
confident step
Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar
chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil.
céim chun tosaigh ar
a step ahead of
Beidh orthu a bheith
céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"!
*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
céimeanna
steps
Nuair a tháinig mé anuas
céimeanna an eitleáin ag aerphort Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1980 ní ábhar iontais a bhí ann dom a bheith ansin.
céime radaicí
radical step
Níl sé léirithe ag an dream atá ag moladh na
céime radaicí seo conas a bheadh a leithéid de chur chuige ina réiteach ar fhadhbanna na Gaeilge go fadtéarmach.
chéimeanna Neimhe
the steps of Heaven
Seasann sé ag doras an charráiste - ar
chéimeanna Neimhe nó ag geataí Ifrinn, ba dhóigh leat.
céim
degree
Thug sé aghaidh ar an Choláiste Ollscoile Gaillimh i 1993 agus bhain sé
céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla san institiúid sin i 1996.
Céim
degree
Céim Ghaeilge agus Fhraincise atá á déanamh agam sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar sin d'oir sé go mór dom dul chuig coláiste ina bhféadfainn feabhas a chur ar mo chuid Fraincise gan ligean do mo chuid Gaeilge dul i ndearmad.
céim
degree
Ag siúl suas na 91
céim a thóg sé chun na stiúideonna ealaíne ar Shráid na Banríona i mBéal Feirste a bhaint amach bhí sé furasta stair an tseanfhoirgnimh sin a mhothú.
a gheobhadh ardú céime
who would be promoted
Ní raibh sé i measc na ndaoine
a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
chuile chéim
every step
Spuaiceanna ag éirí níos mó le
chuile chéim, ach iad ar gach aon taobh de mo chos.
ardú céime
promotion
Thug sé le fios i ndiúscairt a cuireadh faoi bhráid an phobail an mhí seo caite go raibh a fhios aige go raibh gearáin déanta faoin sagart mícháiliúil sin, an tAthair Paul Shanley, ach gur thug sé
ardú céime dó mar sin féin.
céim
step
Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó
céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa.
céimeanna
steps
Tá an-chreidiúint ag dul don Aire as na
céimeanna atá glactha aige go dtí seo.
céim
degree
Bhain Ó Céidigh
céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG.
céim dlí
law degree
Fuair sé post ag teagasc Matamaitice ina sheanscoil, Coláiste Iognáid, agus thosaigh sé ag déanamh
céim dlí san oíche ag an am céanna.
céimeanna bréige
false degrees
Dar le tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta, is scéim atá sna hollscoileanna as an ngnách seo chun
céimeanna bréige a dhíol le daoine.
chéim
step
Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad
chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi, nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo.
céimeanna fórsúla
forceful steps
Faoi mar atá cúrsaí sna farraigí ní mór
céimeanna fórsúla a ghlacadh láithreach.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois
but we've taken a step forward now
Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné,
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
an chéad chéim eile
the next step
Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í
an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
céime
degree
AÓF: An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm?
OMD: Tá mé breá sásta a bheith ag déanamh mo dhíchill an fhidil a fhoghlaim i gceart! Gan dabht tá uirlisí iontacha eile ann, ach is fearr liom a bheith i mo shuí ar mo shuaimhneas ag éisteacht le ceoltóirí eile á seinnt!
AÓF: An seinneann tú nó an gcanann tú in aon stíl cheoil eile seachas ceol traidisiúnta na hÉireann? Céard iad na saghsanna ceoil agus amhránaíochta a thaitníonn leat?
OMD: I láthair na huaire ní sheinnim ach ceol traidisiúnta na hÉireann amháin, ach nuair a bhí mé ag déanamh
céime sa cheol i gColáiste na Tríonóide cúpla bliain ó shin bhí mé ag seinnt ceol clasaiceach ar an bpianó.
céim níos faide
a step further
Ach i Sasana tá an saghas seo cluiche tógtha
céim níos faide ag an stáisiún teilifíse Avago.
céim
degree
Roimhe sin, bhí mé ag cuartú múinteora sa Róimh a mhúinfeadh Gaeilge dom; tar éis cúpla bliain fuair mé cailín as Contae an Chláir, Sharon d'Arcy, a raibh
céim aici sa Ghaeilge ón Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
céimeanna oinigh
honorary degrees
Nuair a cuireadh ceist air ag an gCoimisiún faoi chuid de na maoinis seo agus na
céimeanna oinigh a bronnadh air dá mbarr, ba léir gur beag tuiscint a bhí aige ar eitic.
ardú céime
promotion
Go bunúsach, séard atá uathu ná struchtúr éigin a thabharfas deis níos fearr dóibh
ardú céime a bhaint amach.
céimeanna gnó
business degrees
Lár na n-ochtóidí a bhí ann agus is beag deis a bhí ar fáil in Éirinn, fiú do dhaoine a raibh
céimeanna gnó acu.
athoscailt céim ar chéim
phased re-opening
"
Deir Carey, má théann gach rud de réir an phlean atá leagtha síos, go bhféadfadh údaráis Battery Park City "
athoscailt céim ar chéim" a bheith acu go luath, b'fhéidir ó 19 Meitheamh ar aghaidh.
céim amháin chun tosaigh
one step ahead
Ní raibh mise ach
céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
chéim dhochtúireachta
doctorate
Ag ceann de na deirí seachtaine, bhuail mé le scoláire as Éirinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, a bhí ag obair ar
chéim dhochtúireachta in ollscoil Maryland.
Bronnadh an chéim air
he was awarded the degree
Bronnadh an chéim air agus d'fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
leis an chéad chéim a ghlacadh
to take the first step
Más duine mar sin tú féin nó má tá smaoineamh agat a shíleann tú féidearthachtaí a bheith ag baint leis ó thaobh gnó de, téigh i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta
leis an chéad chéim a ghlacadh i saol nua!
Tuilleadh eolais: (www.
céimeanna
steps
Rith sé síos na
céimeanna agus dheifrigh sé chuig an lána lámh leis an teach ina raibh an carr fágtha aige.
chéim
degree
Thaitin an coláiste léi, ach faoin am a bhí an
chéim bainte amach aici, bhí sí réidh le rudaí nua a thriail.
chéim radacach
radical step
Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an
chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.
Céim sa Cheol-Oideachas
a degree in Music Education
HL:
Céim sa Cheol-Oideachas a bhí ann, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide.
chéim
degree
Rinne mé staidéar ar an Bhreatnais - ní ar an Ghaeilge - ach ba é an stair an mórábhar a rinne mé don
chéim," arsa Aled.
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit
that you were ever refused a job/promotion
"Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
céim
degree
céim
=======
Thug Lillis aghaidh ar an ollscoil i nGaillimh i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sé
céim amach sa Laidin agus sa Ghaeilge.
chéim
degree
"
"Agus mo
chéim bainte amach agam, d'aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana.
ag céim an choiste
at committee stage
Tá mé ag tnúth go mór leis na díospóireachtaí, go háirithe nuair a bheas an bille
ag céim an choiste.
céimeanna
steps
Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus
céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse.
céim dhearfach chun tosaigh
a positive step forward
Is
céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
chéimeanna
steps
Nuair a bhí sé thart labhair cuid acu leis na meáin ar
chéimeanna theach na cúirte.
céim
degree
Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí ardú
céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
chéim mháistreachta
masters degree
"
Dhírigh an Seoigheach ar
chéim mháistreachta ansin agus thosaigh ar thráchtas a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir.
ardú céime
promotion
Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí
ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
céim mhór chun cinn
a big step forward
Ach glactar leis i gcoitinne gur
céim mhór chun cinn atá sa bplean seo, fiú dá bhféadfaí feabhas a chur air.
céim siar
a step backwards
D'fhógair an rialtas le déanaí go ndéanfar an vótáil ar fad sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha an samhradh seo chugainn go leictreonach - ach ceapann go leor daoine eile gur
céim siar don daonlathas é seo.
céim chróga
brave step
Tá
céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
na céimeanna cearta
the correct steps
Nach raibh fear an stáitse ansin, áfach, chun muid ar fad a threorú agus a chur ar an eolas mar gheall ar
na céimeanna cearta.
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí
to remember the steps in a simple process
D'fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu
cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.
céim
step
Tá buaireamh ar chuid mhór ball de Chumann Lúthchleas Gael (CLG) nach mbeidh de thoradh ar an iarracht is déanaí Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí idirnáisiúnta neamhdhúchasacha, ach
céim eile i dtreo dhíghaelú an chumainn, a chuid acmhainní agus a chuid imeachtaí éagsúla.
an chéad chéim loighciúil eile
the next logical step
"Braithimid gurb é seo
an chéad chéim loighciúil eile.
chéim
step
Níor thuig gluaiseacht na poblachta sin go dtí na 1980í, nuair a tháinig McGuinness agus Adams i réim, agus aithníonn siad le hachan
chéim siar ón fhoréigean a thugann siad, is amhlaidh is mó vótaí a fhaigheann siad.
céim
degree
D'fhreastail Buckley ar Providence College i Rhode Island, áit ar imir sé sacar chomh maith, agus bhain sé
céim amach i gcúrsaí gnó i 1986.
Céim mhór chun tosaigh
a big step forward
Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla.
céim ar chéim
step by step
Caithfimid a bheith oscailte do gach iarracht a dhéantar chun í a labhairt agus caithfimid gach cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine úsáid laethúil a bhaint as an mbeagán atá acu; sa tslí sin fásfaidh sí
céim ar chéim.
an chéim thábhachtach slándála sin
that important security step
Ach tá a fhios againn go léir nach dtarlaíonn
an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí.
Céim mhór
a big step
Céim mhór a bhí ann don fhear óg as Cé na Coille Móire, baile beag iascaireachta i Loch Garman.
chéim
stages
Is mór an dul chun cinn é an méid sin ón ngéar
chéim a bhí ann tamall beag de bhlianta ó shin, nuair a bhí daoine á ligint chun siúil ó Telegael mar gheall ar an tionchar a d'imir deacrachtaí airgid TG4 ar an gcomhlacht.
céim
degree
Fuair José post mar chláraitheoir ríomhaireachta láithreach agus rinne mé féin
céim sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
chéim
step
Nuair a craoladh ansin ar an raidió iad, an chéad
chéim eile ná féachaint arbh fhéidir iad seo a chur ar fáil i leagan níos buaine agus iad a scaipeadh ar an mórphobal.
céimeanna géara leathana
steep wide steps
Ansin dhreap mé
céimeanna géara leathana i dtreo an chaisleáin.
a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí
to keep up with the debates
Ba é mo mhian riamh
a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
céim
degree
"
Thug sí aghaidh ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sí
céim amach sa Ghaeilge agus sa stair.
céimeanna éasca
easy steps
Ach d'fhéadfaí
céimeanna éasca a thógáil chun iomaíocht nua a chur chun cinn sa soláthar leictreachais.
céim
degree
"Mar chuid den chéim - Staidear Gnó le Gearmáinis - chaith me bliain sa Ghearmáin ar s
céim Erasmus.
chéim ollscoile
university degree
Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!"
Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar
chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
chéimeanna éagsúla
different steps
I mo thuairimse, caithfear féachaint ar
chéimeanna éagsúla a chuirfidh leas an imreora chun cinn.
chéim
degree
Amharclann na Mainistreach
=======
Bronnadh an
chéim ar Ray i 1980 agus cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche d'aois, ceapadh é mar Leas-Stiúrthóir Ealaíon in Amharclann na Mainistreach.
céim
degree
ÉÓD: Tar éis duit
céim a bhaint amach sa Léann Ceilteach i Harvard, thosaigh tú féin a mhúineadh na Gaeilge.
chéim
step
An chéad
chéim b'fhéidir sula dtugann sé féin arís faoi cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre a bhaint amach.
chéim
degree
"Titeann sé amach go minic, go háirithe i gcás céime mar
chéim innealtóireachta, go mbíonn dearcadh an-chúng ag duine.
chéim
degree
Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo
chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC.
Céim thábhachtach stairiúil
an important historic step
Céim thábhachtach stairiúil do phobal na Gaeltachta atá san Ordú, dar liom, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé iontach bródúil as an pháirt a bhí agam féin agus ag an Bhrainse ann.
chéimeanna na hardeaglaise
the steps of the cathedral
Ansin, lasadh tine mhór cnámh agus chruinnigh chuile dhuine ar
chéimeanna na hardeaglaise chun éisteacht le forógra na poblachta arís.
chéim
degree
"
Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iar
chéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
céim mhór mhisniúil
one big courageous step
Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach!
D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach
céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
céimeanna ollscoile
university degrees
Tá an-bhrú ar an ngrúpa seo, daoine fásta óga, in ainneoin go bhfuil oideachas maith orthu,
céimeanna ollscoile agus dioplómaí ina bpócaí acu.
chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge
a degree in philosophy and Irish
”
Ollscoil na Ríona
=======
Thug Ó Muirí faoi
chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste tar éis dó an scoil a fhágáil.
céim sa phleanáil
degree in planning
Tá
céim sa phleanáil agam.
i mbun céime sa Ghaeilge
doing a degree in Irish
“Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn
i mbun céime sa Ghaeilge.
céim
degree
Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí
céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.
céim onóracha
honours degree
Rugadh Bowler i mBaile Átha Cliath i 1978, agus bhain sé amach
céim onóracha BA le gairid sa Ghrianghrafadóireacht Fhaisnéise sa University of Wales College i Newport.
hardú céime
promotion
Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le
hardú céime a bhaint amach.
i mbun céime sa Ghaeilge
doing a degree in Irish
“Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn
i mbun céime sa Ghaeilge.
chéim innealtóireachta
a degree in engineering
”
Céim san innealtóireacht
=======
I 1967, d'fhág Donncha Cluain Mealla agus Tiobraid Árann, agus thug aghaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thug sé faoi
chéim innealtóireachta.
rinceoir céime agus seite
step-dancer and set-dancer
Is
rinceoir céime agus seite í mo mháthair.