Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge?
In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.