Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois although we're much better off now
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach even though I don't concede that it is essential
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, even though the turf of Ireland is in my blood
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, Even though it is far away in our minds
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
Cé go bhfuil an chuma ar an scéal although it appears
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid although I’ve tried a large amount
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta although there’s more journalistic substance
" Tá Seachtain bunaithe a bheag nó a mhór ar mhúnla Foinse cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta le sonrú sa chéad cúpla eagrán den nuachtán úr ná mar a bhí ar a réamhtheachta.
cé go bhfuil cúlú geilleagair although there’s an economic downturn
" Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin.
Cé go bhfuil iarracht de ghreann although a touch of the (Monty P.) comedy
" Cé go bhfuil iarracht de ghreann Monty Python ag baint leis an ainm a tugadh ar an Meitheal ar an gcéad dul síos, tá rud éigin dáiríre agus diúltach ag baint leis na beartais atá á moladh maidir le hinimircigh sa Bhreatain, go háirithe iadsan atá ann in aghaidh an dlí.
Cé go bhfuil bearna although there’s a gap
" Cé go bhfuil bearna idir na glúine ó thaobh cumas teangan de, tá Daniellou dóchasach.
Cé go bhfuil sé doirte di although he really likes her
" Cé go bhfuil sé doirte di, ní thig leis sin a dhéanamh.