”
**Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus ní móide; ach cé eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?**
Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh nó le comhairleoirí dá gcuid féin? Agus cé leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an dá pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnithe – agus
ceapaire cáise sa phóca chomh maith.