Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
"
Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d'fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach.
Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin.
In aghaidh an chogaidh
=======
Nuair a bhí cuma ar an scéal nach raibh Rialtas na Breataine ag déanamh mórán ar son Ken Bigley, thosaigh na gnáthdhaoine ag éirí ní ba cháintí mar gheall orthu.
Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain.
An-cháinteach, mar shampla, faoi easnamh i gclár caipitil an Údaráis ach ag an am chéanna bhí sé ar dhuine de na comhaltaí a mhol go ndíolfaí Tithe Saoire Eanach Mheáin don tríú tairiscint ba mhó, ar chaillteanas €0.
Gach oíche Luain, tá Eddie Hobbs ina sheasamh os comhair lucht féachana in Amharclann an Helix i mBaile Munna agus sé chéad míle duine eile ina suí sa bhaile ag breathnú ar a thuairiscí cáinteacha.
Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó.
”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil an oiread sin brú orthu.
B’fhéidir nach ionadh, mar sin, nach n-éiríonn liom oiread is focal cáinteach a mhealladh uaithi mar gheall ar aon duine muinteartha, fiú nuair a bheadh cáineadh tuillte mar a bhí i gcás a dearthár Setanta.
Rinne Morrison iarracht láidir ina ráiteas cáinteach ceangal a dhéanamh idir dearcadh an phríomhaire i dtaca le fás an daonra agus dúnghaois an rialtais i ndáil le hinimirce gan chead:
*Just like illegal boat arrivals, Mr Rudd believes population growth is just another global tectonic force outside his control that he is not responsible for.
Fiú an t-aiseolas traidisiúnta, táimid an-sásta a fháil freisin, léirmheas sna nuachtáin, bhí siad sin an-dearfach fiú ó dhreamanna a bhíonn amantaí, b’fhéidir, cáinteach.
Bhí Donncha Ó hÉallaithe sách cáinteach faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh deireadh na bliana seo caite agus a mhol go ndéanfaí Údarás na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta.