Gan dabht, tá sé fíorthábhachtach agus riachtanach go mbeadh gach duine fásta atá ag plé le daoine óga ó thaobh spóirt de gan cháim agus nach mbeadh ceist ar bith ann faoina gcarachtar, agus tá sé fíorthábhachtach go mbíonn na daoine óga atá faoi chúram cumann spóirt slán, sábhailte i gcónaí.
Deir Armstrong go bhfuil sé “glan”, is é sin go bhfuil sé gan cháim, maidir le drugaí mídhlisteanacha a bheith in úsáid aige, agus go bhfuil sé sásta go ndéanfaí é a thástáil go rialta.