Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite
gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl?
Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*