Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá mbuafaidís if they had won
" Ach dá mbuafaidís i 1961 b'fhéidir gur a mhalairt a tharlódh.
ag buachan winning
" Ba rud nua é ag an am sin foireann Átha Cliath, ina raibh fir óga de bhunadh na cathrach nó "Dubs", a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh agus ag buachan Chraobh Pheile na hÉireann.
bhua victory
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
ar eagla go mbuafaimid in case we'll win
" Ach fágfaidh mé seoladh teagmhála ag an ionad pobail, ar eagla go mbuafaimid an crannchur.
a bhuaigh which won
" Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
cé a bhuafaidh an chraobh who will win the title
" Tá Celtic ag imirt i gcoinne Manchester United in Old Trafford i gcluiche mór cinniúnach de chuid an Premiership, cluiche a shocróidh cé a bhuafaidh an chraobh.
bhua an Rí Liam King William's victory
" Go híorónta, mar gheall ar an 12 Iúil agus ceiliúradh bhua an Rí Liam ag Cath na Bóinne, bhí Mullach na Seangán tréigthe.
bhua a gcuid mionúr the victory of their minors
" Bhí imirt Chill Chainnigh ar fheabhas an lá sin agus i rith na bliana agus tar éis bhua a gcuid mionúr níl aon dabht ná gurb iad Cill Chainnigh foireann na bliana seo.
buaite won
" Bhí comórtas peile buaite ag an gcumann aitiúil.
bhuaigh Liverpool an chraobh Liverpool won the title
" Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh.
bhua victory
" Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh.
Bhuadar they won
" I 1983 bhí siad ina neasóirí sa tSraith Náisiúnta agus i 1984, Bliain an Chéid, Bhuadar an tSraith Náisiúnta ach bhuaigh Corcaigh orthu sa Chraobhchomórtas le cúilín amháin.
dá mbuafadh Áth Cliath an lá sin had Dublin won that day
" Ceapann Mícheál dá mbuafadh Áth Cliath an lá sin go bhféadfadh sé go mbeadh scéal difriúil ag cúrsaí iomána an chontae inniu.
ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Dublin should have won
" Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin.
bhua gearrthéarmach short-term victory
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
buaite won
" Tá suas le scór amhrán scríofa agam faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
go mbuafaidh siad é that they will win it
" Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
taithí a mbua the experience of their victory
" Ach, é sin ráite, is dóigh go seasfaidh taithí a mbua in 2002 do Phort Láirge sa chás seo agus go sroichfidh siad Cluiche Ceannais na Mumhan arís i mbliana.
buaite won
" Nuair a bheas an cogadh seo buaite agam is iad na Culchies a bheas i réim, mar is ceart agus mar is cóir.
buaite won
" B'fhéidir gur rud é a bhaineann le contaetha iománaíochta ar chúis éigin, is é sin deartháireacha a bheith ag imirt le foireann an chontae (agus boinn uile-Éireann a bheith buaite acu go minic) - muintir Mhic Riocaird agus Uí Choigligh le Loch Garman, na deartháireacha Uí Fhoghlú (Des agus Lar) le hÁth Cliath, muintir Uí Éinrí agus Uí Fhionnalaigh le Cill Chainnigh, muintir Chnáimhsí agus Uí Riain le Tiobraid Árann agus mar sin de.
leis an Chogadh Cathartha a bhuachan to win the Civil War
" Chabhraigh sé leis an Aontacht an t-airgead a bhailiú leis an Chogadh Cathartha a bhuachan, ag am a bhí siad ar an ghannchuid.
go mbuafadh an Lú that Louth would win
" Bhí go leor hype roimh ré go raibh seans maith go mbuafadh an Lú.
dá mbuafaidís if they won
" Ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann.
an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir to wring defeat from the vague victory
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
an buaitear is sine the oldest winner
" Is é an dealbhóir Anthony Gormley an buaitear is sine go dtí seo - bhí sé daichead is a ceathair nuair a bhuaigh sé an duais i 1994.
Fógrófar an buaitear the winner will be announced
buaite won
" Le linn an 30 bliain atá caite aige mar bhainisteoir, tá 1,292 cluiche buaite ag Wilkins - an líon is mó i stair na sraithe - agus d'éirigh leis craobh an NBA a bhuachan leis na Seattle Supersonics i 1979.
buaite won
" Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas.
in ainneoin gur bhuadar despite the fact that they won
" Agus cé a chaill amach agus na cluichí go léir imeartha? Uíbh Fháilí bocht, in ainneoin gur bhuadar trí chluiche sa chéad bhabhta den tsraith.
bhua cáiliúil famous victory
" " Dúradh sa tuairisc chéanna: "Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.
a bhuaigh Craobh na hÉireann which won the All-Ireland
" D'aistrigh muintir Mhéalóid go Ráth Cairn sna 40í agus d'imir Mícheál le foireann sinsear na Mí a bhuaigh Craobh na hÉireann i l967.
bhua virtue
" Táimid ag iniúchadh chóras Fhleadh Cheoil na hÉireann - bíonn ort an chéad nó an dara háit a bhuachan i bhfleadh chúigeach i dtús báire sula n-imíonn tú go dtí an chéad leibhéal eile.
a bhuachan to win
" Táimid ag iniúchadh chóras Fhleadh Cheoil na hÉireann - bíonn ort an chéad nó an dara háit a bhuachan i bhfleadh chúigeach i dtús báire sula n-imíonn tú go dtí an chéad leibhéal eile.
bhuachan suíochán the winning of seats
" Mar sin, caithfidh tú féachaint air mar sin, agus ní ar líon na vótaí ná ar bhuachan suíochán.
cé a bhuafaidh an toghchán who will win the election
" "Is iad na vótaí sin a shocróidh cé a bhuafaidh an toghchán," a dúirt Marlin faoi na vótóirí Caitliceacha sna stáit sin.
a bhuachan to win
" Rachaidh sé deacair go leor ar Fhianna Fáil an tríú suíochán a bhuachan i gContae na Mí agus, cé go bhfuil pobal an chontae ríoga scoilte ar cheist an M3, tuigtear do *Beo! *go bhfuil imní ar Fhianna Fáil go gcaillfidh siad vótaí má ligeann siad don NRA dul ar aghaidh.
B'fhéidir go mbuafá an chraobh you might win the championship
" B'fhéidir go mbuafá an chraobh ach go gcaithfí amach as an tsraith thú.
ar mhaithe leis an mbua a fháil for the sake of victory
" Déanann gach spórt é toisc go n-aimsíonn gach glúin bealaí nua chun rialacha a shárú ar mhaithe leis an mbua a fháil.
a bhuachan to win
" Ina dhiaidh sin, d'éirigh le foirne de chuid Ollscoil Cornell a raibh McEneaney i gceannas orthu craobhchomórtas an NCAA a bhuachan dhá bhliain as a chéile, i 1976 agus 1977.
a mbua their victory
" Ní bratach Celtic a bhí ann ná trídhathach féin! Bratach Liverpool a bhí ann i ndiaidh a mbua ar AC Milan (a bhunaigh Sasanach, dála an scéil!) i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa.
leis an mbua a bhaint amach in achieving the victory
" Bhuaigh Cill Mochuda, Na Crócaigh an cluiche úd le farasbarr cúilín amháin agus bhí baint mhór ag Mark leis an mbua a bhaint amach.
ag ceiliúradh do bhua celebrating your victory
" “Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.
a bhuachan to win
" Sa Seanad, tá dhá shuíochán breise acu agus ní bheadh sé sin acu murach gur éirigh leo ceithre cinn de na sé suíochán thar lear a bhuachan.
bhua talent
" Fiú amháin, tar éis dó a bheith bainteach le foireann bhuach Cheanada sna Cluichí Oilimpeacha ceithre bliana ó shin, bhíodar ann a d’amharc air mar stiúrthóir in ainm amháin.
a bhuachan to win
" Den chéad uair le fada tá imreoirí óga ann idir 14 bliana agus 22, abair, a bhfuil taithí acu ar chraobh chúige agus craobh na hÉireann a bhuachan.
tar éis an bhua iontaigh after the great victory
" Dá bhrí sin, i bPáirc Dr Cullen ar an 1 Bealtaine, is beag nach raibh deora i súile lucht saothair na hiomána as Baile Átha Cliath nuair a d’ardaigh captain fhoireann Choláistí Átha Cliath, Conor Ó Conghaile, Corn an Chrócaigh tar éis an bhua iontaigh ar fhoireann Choláiste Naomh Flannáin leis an scór 1-11 i gcoinne 0-11.
i bhfianaise an bhua in light of the victory
" D’fhéadfaí a rá, i bhfianaise an bhua i gcluiche ceannais na hÉireann, go bhfuil an sprioc sin bainte amach.
trí bhua shuntasacha three remarkable victories
" Taca an ama seo anuraidh is beag duine a cheapfadh go mbeadh trí bhua shuntasacha bainte amach ag foirne as Baile Átha Cliath.
go bhfuil taithí acu ar an mbua that they have experience of victory
" Ach dá bhféadfaí na hiománaithe is fearr atá faoi 20, abair, a mhealladh le cloí leis an iomáint, cá bhfios nach bhféadfaí craobh na hÉireann a bhaint amach taobh istigh de sheacht nó ocht de bhlianta? Cabhair amháin dóibh ná go bhfuil taithí acu ar an mbua agus ar chorn a bhreith leo.
dá mbuafaidís if they won
" Tá Cionnaith Mac Craith, Dan Ó Seanacháin, Eoin Ó Ceallaigh, Antaine de Brún, Seán Ó Maoláin agus araile ina n-iománaithe iontacha, iad dochloíte agus iad i mbarr a maitheasa, agus ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann – bheadh sin iontach ar fad, faoi mar a bhí 1996 nuair a bhuaigh Loch Garman.
ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís winning two football championships in succession again
" Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
agus go mbuafadh Port Láirge and that Waterford would win
" Ba mhaith liom Port Láirge agus Cill Chainnigh a fheiceáil i gcluiche ceannais na hÉireann agus go mbuafadh Port Láirge.
bheadh rás carranna buaite a car race would be won
" Mar shampla, bheadh rás carranna buaite nó bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.
buachan ar aon fhoireann to beat any team
" Tuigfidh siad gur féidir leo buachan ar aon fhoireann faoi láthair, seachas an dá cheann sin, b’fhéidir.
eochair an bhua a aimsiú to find the key to victory
" Mar a tharla, nuair a tháinig foireann níos sciliúla ina gcoinne, is é sin Maigh Eo, ní raibh siad in ann eochair an bhua a aimsiú agus chruthaigh Maigh Eo go raibh laigí ar fhoireann Átha Cliath a thiocfadh idir iad agus a sprioc.
buaite won
" Is éard atá i gceist agam ná go raibh an corn buaite ag an Eoraip sula raibh an comórtas críochnaithe toisc gur shroich an Eoraip oiread pointí nach bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad a shárú.
Bhuaigh an Eoraip go héasca. Europe won easily.
chun duais mhór airgid a bhuachan dó féin to win a big cash prize for himself
" Imríonn an galfaire gairmiúil i gcoinne an chúrsa chun duais mhór airgid a bhuachan dó féin.
buaite won
" Tá cúpla teideal buaite ag Janine Redmond ar an mbosca, ag Eoghan Ó Ceannabháin ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin, ag Niamh Denmead ar an gcruit, ag Sarah Jane í féin, gan trácht ar go leor duaiseanna don cheol beirte agus don cheol triúir agus a leithéid.
go mbuafadh duine sa lucht féachana that someone in the audience would win
" Ní gá ach ainmneacha ar nós Ferguson nó Keane, Abramovich nó Drogba a lua agus glactar leis go dtuigeann chuile dhuine cé atá i gceist, cén club lena mbaineann siad, céard a itheann siad don bhricfeasta ar maidin! Nach mbeadh sé iontach dá dtarlódh sé uair amháin ar an "Late Late Show", cuir i gcás, go mbuafadh duine sa lucht féachana dhá thicéad go Old Trafford, nó a leithéid de dhuais, agus go ndéarfaidís le Pat Kenny iad a thabhairt do dhuine éigin eile ar an ábhar nach raibh aon suim acu dul ann.
is cuma cé a bhuann. it doesn't matter who wins.
" Anois nuair a imríonn Everton agus Newcastle, Aston Villa agus Spurs, agus mar sin de, is cuma cé a bhuann.
nach mbuafaidh siad go leor suíochán that they won't win enough seats
" Creideann Poblachtánaigh go gcaillfidh siad a gcumhacht i gComhdháil na tíre, rud a chinnteoidh go bhfágfar an uachtaránacht bacach éagumasach go dtí an chéad toghchán uachtaránachta eile in 2008, agus creideann na Daonlathaigh nach mbuafaidh siad go leor suíochán chun an ruaig iomlán a chur ar na Poblachtánaigh.
dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin. if they could also win the other three.
" Fiú ag déanamh talamh slán de na cúig shuíochán thuasluaite, b’iontas amach is amach é dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin.
go mbuafaidh imreoir amháin that one player will win
" Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile.
a bhuamar comórtas nó corn ar bith that we won any competition or cup
" Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí.
i ndiaidh ár mbua stairiúil after our historic win
" Bhí muid féin ag féachaint chun cinn i ndiaidh ár mbua stairiúil agus ligeadh an tAthair Ó Murchú, a chorn agus na baintreacha i ndearmad.
a bhuachan, to win,
" Bhuamar Roinn a Dó den tSraith Shinsearach agus bhíomar chun cinn i Roinn 1 ar feadh tréimhse, ach níor éirigh linn an Chraobh Shinsearach a bhuachan, cé go raibh imreoirí den scoth againn.
Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne when we'd win and when we'd lose, we'd go
" Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne agus d’ólaimis ár ndóthain.
Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne when we'd win and when we'd lose, we'd go to the pub
" Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne agus d’ólaimis ár ndóthain.
buaite won
" Tá duais Leabhar na Bliana Wattie (nó Leabhar na Bliana Montana, mar a thugtar air anois) buaite aige faoi thrí, rud nach ndearna scríbhneoir ar bith eile.
a bhuaigh bonn uile-Éireann who won an All-Ireland medal
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
buaite won
" Faoin seanchóras, seans go mbeadh craobh nó dhó buaite ag contae eile (Port Láirge in 2003 nó Loch Garman in 2004) seachas Corcaigh nó Cill Chainnigh le cúig bliana anuas.
buaite agus caillte won and lost
" Bhí an comórtas sraithe níos oscailte ná mar a bhí sé le fada mar tá cluiche nó dhó buaite agus caillte ag gach foireann.
bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Dublin beat Kerry in the final.
" An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
ag buachan cluichí gan stró winning matches with ease
" Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976.
a bhuafaidh Contae Aontroma that County Antrim will win
" Tá mé ag fanacht ar athbheochan na Gaeilge, ar athaontú na hÉireann agus ar an lá a bhuafaidh Contae Aontroma Corn Mhic Uidhir leis na blianta anois!” *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin agus tá céim aici san iriseoireacht ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
má bhuann tú. if you win.
go mbuafaidh Ciarraí that Kerry will win
" Mo bharúil féin ná go mbuafaidh Ciarraí an chraobh arís.
an dá bhua ba shuntasaí the two most prominent victories
" Is dóigh gurb iad bua Shligigh i gCraobh Chonnacht agus bua na Mí ar Thír Eoghain an dá bhua ba shuntasaí i mbliana.
is cóir tréaslú leo as a mbua iontach they should be congratulated for their great victory
" Níor bhuaigh Sligeach Craobh Chonnacht ó 1974 agus is cóir tréaslú leo as a mbua iontach ar Ghaillimh.
nach mbuann an freasúra an t-olltoghchán, that the opposition don't win the election,
" Mar gheall air seo, deirtear san Astráil nach mbuann an freasúra an t-olltoghchán, ach go gcailleann an rialtas é.
Bhuaigh sé bonn Uile Éireann he won an All-Ireland medal
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
ón mbua sin, from the victory
" Leis an móiminteam a fuair sé ón mbua sin, chuaigh sé ar aghaidh chun ainmniúchán náisiúnta a pháirtí a fháil, agus bhuaigh sé an toghchán an bhliain sin.
go mbuafadh sí bonn, that she would win a medal
" Is cinnte, chomh fada agus is féidir a bheith cinnte faoi aon rud i gcúrsaí spóirt, go mbuafadh sí bonn, an ceann óir is dóigh, ag na Cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.
Ní móide go mbuafaimid aon rud, it is unlikely we will win anything
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
Mise a bhuaigh an toghchán, it was me who won the election
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
ag dúil leis an bhua. expecting to be victorious.
" B’fhéidir go n-imeodh Ian Óg slán ach bhuaigh an UUP suíochán ar Chomhairle Dhroichead na Banna nuair a bhí an DUP ag dúil leis an bhua.
bhuaigh won
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu they had won hundreds of thousands of pounds Sterling
" De réir na dteachtaireachtaí ríomhphoist, bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu sa chrannchur agus bhí a sonraí pearsanta de dhíth chun an t-airgead a chur chucu.
dhá chloch bhua two stones of destiny
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil which won five Assembly seats
" Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé.
ag treabhadh leo i dtreo an bhua. ploughing away towards victory.
" Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin. which the two sides regard as a victory for themselves.
" Is gá go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin.
Bhuaigh won
" Taca an ama seo céad bliain ó shin, Bhuaigh Jack Johnson Craobh an Domhain sa dornálaíocht, an chéad fhear de chuid an chine ghoirm a bhain an gaisce sin amach.
Bhuaigh sé he won
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
Bhuaigh won
" Bhuaigh seisean gach craobh dhomhanda idir 1927 agus 1947 ach ba spórt an mhionlaigh é.
bhuafadh sé would he win
" Má bhuaigh sé duais Whitbread dá scríobh próis, cad a bhuafadh sé dá mbeadh sé ag cumadh ceoil? http://www.
bhuachan to win
" Thuig sé go raibh dhá rud ríthábhachtach chun an cogadh a bhuachan: níor mhór go mbeadh na daoine taobh thiar den chúis, agus an dara rud, gurbh fhearr dó cogadh cosantach a throid.
bhuachan to win
" Maidir le tuairim Bhabs, ní thagaim leis ar fad toisc nach bhfaca mé féin riamh foireann as Cill Chainnigh, foireann scoile ná faoi aois, sinsear na sóisear, nach raibh ar a míle dícheall chun cluiche a bhuachan, bíodh sé ina chluiche sraithe, craoibhe nó eile.
mbuafaidh shall win
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.