léasadh brúidiúil
brutal beating
Ar an 3 Márta, 1991, thug póilíní i Los Angeles
léasadh brúidiúil do Rodney King.
bithiúnaigh bhrúidiúla
brutal thugs
Tá ag teip ar na saoránaigh i gcathracha ar fud na tíre ar fad na
bithiúnaigh bhrúidiúla seo, a úsáideann suaitheantas na bpóilíní mar chosaint, a smachtú agus pionós a ghearradh orthu.
léasadh brúidiúil
a brutal beating
Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh
léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil.
seicteachas brúidiúil
brutal sectarianism
"
Cad é tá mícheart sa Tuaisceart, go háirithe ó thaobh na ndílseoirí de, atá ag déanamh ionsaithe ar na naisiúnaithe gan stad gan staonadh? Tá na naisiúnaithe breá ábalta ionsaithe a dhéanamh iad féin, ar ndóigh, ach is í an bhunfhadhb ná an
seicteachas brúidiúil atá i gceist i measc an lucht oibre dílseach.
réimeas brúidiúil
brutal regime
Tháinig deireadh le
réimeas brúidiúil na hIndinéise i 1999 cé nár ghlac an t-arm agus na mílístí ar thug siad tacaíocht dóibh leis an socrú sin.
réimeas brúidiúil
brutal regime
Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón
réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad.
brúidiúil
brutal
Scoil iontach
brúidiúil ar fad a bhí inti, ón tús go dtí an deireadh.
phríosúin bhrúidiúla
brutal prisons
Ba
phríosúin bhrúidiúla iad, áfach, do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.
deachtóir brúidiúil
brutal dictator
Níl amhras ar dhaoine ach gur
deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.
brúidiúil
brutal
Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus
brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu.
brúidiúil
brutal
Ba thiarna
brúidiúil é a chaith go dona lena thionóntaí.
díoltas brúidiúil
brutal retribution
Bhain na Naitsithe
díoltas brúidiúil amach - scaoileadh daoine, gabhadh daoine eile agus dódh sráidbhailte.
marú brúidiúil
brutal killing
Thosaigh sé roimh an Nollaig le goid £26m ón Northern Bank ach ba mheasa i bhfad
marú brúidiúil Robert McCartney mar gur ghoill sé go mór ar a bpobal féin.
ón stát brúidiúil Briotanach
from the brutal British state
DENIS: Huh?
MÁNAS: Iad ag éalú
ón stát brúidiúil Briotanach agus ag teacht anseo.
feachtas brúidiúil
brutal campaign
Ach, os a choinne sin, choimeád
feachtas brúidiúil an IRA aird an domhain ar an oileán beag seo agus chinntigh nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh go raibh rud éigin lofa faoi stát Thuaisceart Éireann.
duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla
one of the most brutal murderers
Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le
duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
modhanna brúidiúla
brutal methods
Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as
modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú.
brúidiúil
brutal
”
D’fhoilsigh an scríbhneoir as Baile Átha Cliath Hugo Hamilton cuimhní cinn roinnt blianta ó shin, *The Speckled People*, inár chuir sé síos ar an athair
brúidiúil a bhí aige a chuir cosc ar an Bhéarla sa bhaile agus a chuir iachall ar a chlann Gaeilge agus Gearmáinis (teanga a máthar) a labhairt (tá cur síos air seo i leabhar nua Hamilton, *The Sailor in the Wardrobe*, chomh maith).
ciníochas brúidiúil
brutal racism
Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an
ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós *nigger* a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí.
oscailte brúidiúil
open and brutal
Ní ciníochas
oscailte brúidiúil é, ach is ciníochas mar sin féin é.
ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
the arrogant and brutal onslaught of English.
Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar
ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
ionsaí brúidiúil
a brutal attack
Bhí agóidí móra ann, agus sa deireadh tháinig thart fá dhaichead garda go dtí an áit, agus deoch orthu, agus rinne siad
ionsaí brúidiúil ar scata mór daoine, cuid mhaith ban ina measc.
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach
about the rough, brutal tactics of the Australians
Mearbhall na nAstrálach
An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
duine de na ceannairí ba bhrúidiúla
one of the most brutal leaders
Ba go caithréimeach a fógraíodh don domhan mór ar chasadh na bliana 2007 gur crochadh Saddam Hussein,
duine de na ceannairí ba bhrúidiúla san fhichiú haois.
deachtóireacht bhrúidiúil
brutal dictatorship
Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an
deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
barbartha
brutal
Is cluiche
barbartha é, im thuairimse, agus is ag dul in olcas atá sé.
bhrúidiúil
brutal
Tá séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha
bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
brúidiúil
brutal
com/watch?v=rUUuD0oh81o)
Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc,
brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
ba bhrúidiúla
most brutal
Saoraíodh na hoileáin – deirim saoraíodh toisc go labhraíonn na hoileánaigh Béarla agus toisc go mbreathnaíonn siad orthu féin mar phobal de shliocht na Breataine – ach ba é an toradh ba thábhachtaí ar an gcogadh ná gur tháinig deireadh, bliain níos déanaí, leis an deachtóireacht mhíleata san Airgintín, deachtóireacht a bhí ar cheann de na réimis
ba bhrúidiúla dá raibh i bhfeidhm i Meiriceá Theas riamh.
sách brúidiúil
brutal enough
An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh
sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.
brúidiúil
brutal but funny
Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá
brúidiúil ach greannmhar.
ceann de na dúnmharuithe ba bhrúidiúla
one of the most brutal murders
Ach ba ann a tharla
ceann de na dúnmharuithe ba bhrúidiúla i stair na hÉireann 130 bliain ó shin.
críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil
an end to the brutal fighting
Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil
críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil thall ansin ná go mbeidh deireadh le réimeas al-Assad go luath.
ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla
to the obscene and brutal images
Ballaí an Uafáis
========
Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann
ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa
full of cancer, brutal rotten cops
Cathair
lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa, maorlathas fuarchúiseach agus foréigean collaí í, New Orleans de chuid Simon.
inchreidtheacht bhrúidiúil fhírinneach
the brutal truth of plausibility (of
Chuir
inchreidtheacht bhrúidiúil fhírinneach Fassbender as mo riocht ar fad mé.
le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil
as he gets to grips with a brutal scoundrel
Nuair a mhaslaíonn Captain Jackson iarrachtaí an Chigire Reid “seomra báis” nua-aimseartha cosúil le seomraí John Hopkins i mBaltimore a mhaisiú dó i Whitechapel, cuireann an cigire ceist ar an máinlia amhrasach: “*Should we not aspire so high you and I?*”
Míshásamh Thuas Staighre
==========
Dúnmharaítear póilín óg
le linn dó dul i ngleic le bithiúnach brúidiúil a rinne iarracht pictiúirí d’inneall loingseoireachta nua a ghoid ón innealtóir.
dream inste scéil an Nakba
survivors of a brutal ‘crystal night’
Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh,
dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
a bhrúidiúla
how brutal
Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile
a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.
i mbrúidiúlacht
becoming more brutal
‘Chuile líne ag dul i míne’ nó
i mbrúidiúlacht? B’fhéidir gur i gclisteacht agus
i mbrúidiúlacht atá an duine ag dul dar le Ciarán Mac Aonghusa.
ré bhrúidiúil na cinedheighilte
the brutal apartheid era
Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as
ré bhrúidiúil na cinedheighilte.