Balor an Bromaire BomannachBalor the Bragging Windbag
”
Ba é seo an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina *cock-up* ach ina *cock-up* aisteach fosta.
B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.