Fiú mura raibh aon bhaint ag rialtas na hIaráice leis na hionsaithe, dúirt siad nár mhór do na Stáit Aontaithe tacú go huile is go hiomlán leis na daoine a bhí ag cur in aghaidh Saddam Hussein, mar atá, a gcairde i gComhdháil Náisiúnta na hIaráice faoi cheannas Ahmed Chalabi, an
bréagadóir cruthanta agus coirpeach díotáilte ar thug Eoghan Harris s’againne oiliúint chumarsáide dó.