Cén fáth a bhfuil neach truacánta an phictiúir seo chomh mealltach sin ag daoine agus a spreagann daoine, glúin i ndiaidh glúíne, dáimh a bheith acu leis? Is díol spéise é an oiread tráchtála a bhaineann leis an íomhá seo agus go bhfuil atáirgeadh déanta air in achan dóigh a thiocfadh leat a shamhlú idir thuáillí tae, mhaighnéid cuisneora, phóstaeirí, chupáin agus
bhréagáin – pé rud atá uait.