Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
grinneall bottom (of the sea)
" I bhfichidí na haoise seo caite thaispeáin an Ginearál Billy Mitchell go bhféadfadh eitleán amháin long chogaidh ar bith, dá mhéad í, a chur go grinneall.
iomghaoth the spinning wind that collects rubbish at your door or at the bottom of hedges
" Bhí iomghaoth sa doras aici agus d'fhág sin idir pháipéar agus dhuilleogaí ina luí i mbéal an dorais.
a raibh ar ghrinneall an chupa everything that was at the bottom of the cup
" " Shlog sé siar a raibh ar ghrinneall an chupa agus d'éirigh ina sheasamh.
íochtar bottom
" Ach ba dhóigh gurb ann di, í cruptha siar faoi, b'fhéidir isteach faoi íochtar shuíochán an chairr.
bun tornapa the bottom of a turnip
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
ag bun na Croise at the bottom of the Cross
" Ar ndó, bhí sí freisin ag bun na Croise fadó nuair a bhí Mac Dé ar crochadh uirthi.
an leath íochtair the bottom half
" Ach is é an leath íochtair de Roinn a hAon is cás dúinn san alt seo dáiríre.
an leath íochtair the bottom half
" Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.
ar an cheann íochtair on the bottom one
" Tá seastán oíche díreach in aice na leapa, tá leabhair ar an tseilf uachtair agus steirió ar an cheann íochtair.
leadhb mhaith den bhun a good bit off the bottom
" Bhí cuma air gur ghearr duine inteacht leadhb mhaith den bhun aige nó bhí a bolg ar ais agus a himleacán le feicéail.
ag bun leithinse cothroime gaofaire at the bottom of a flat, windy peninsula
" Tá an port ag bun leithinse cothroime gaofaire, agus neart tithe scaipthe thart uirthi.
ag síneadh ó bhun barr an bhóthair extending from the bottom to the top of the road
" Tháinig na sluaite le chéile anseo oíche Déardaoin le paidreacha agus amhráin a rá agus líne coinnle gan bhriseadh ag síneadh ó bhun barr an bhóthair.
ag bun na sáile at the bottom of the sea
" An bainseó ======= An bainseó bocht &#150; deirtear gur tús maith míle bainseó ag bun na sáile.
ag síneadh ó bhun barr an bhóthair extending from the bottom to the top of the road
" Tháinig na sluaite le chéile anseo oíche Déardaoin le paidreacha agus amhráin a rá agus líne coinnle gan bhriseadh ag síneadh ó bhun barr an bhóthair.
ó bharr a bhlagaide go bun a chrúibe from the top of his bald head to the bottom of his claws
" Ní raibh de cheist ag an Monsignor Denis air ach: ‘An bhfuil tú i do Ghobshiite Caitliceach nó i do Ghobshiite Protastúnach?’ Mhaígh Fear Dia os comhair an tsaoil gur Gobshiite Caitliceach a bhí ann ó bharr a bhlagaide go bun a chrúibe.
gar do bhun Shráid Fhearchair near the bottom of Harcourt Street
" Nuair a bhuail mé le déanaí le Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, in oifig an stáisiúin i mBaile Átha Cliath, gar do bhun Shráid Fhearchair, ba léir dom go raibh seisean thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an tseirbhís sna deich mbliana atá sí ar an aer.
ó phailin i mbun locha from pollen at the bottom of a lake
" Tá fianaise aimsithe le gairid ó phailin i mbun locha go raibh ar a laghad trí thriomach le míle bliain a bhí chomh holc leis an gceann seo agus a mhair níos mó ná leathchéad bliain.
thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. the bottom totally fell out of his life.
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
de ghrinneall a linn snámha caoga méadar from the bottom of his fifty-metre swimming pool
" Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha *champagne* a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i sciathán thiar a thí.
ar ghrinneall na farraige at the bottom of the sea
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
bád réthónach a flat-bottomed boat
" Turas ciúin a bhí againn ar an Greenway anseo, gan aon rud le feiceáil ach corrbhean ag siúl lena púdal, corr-rothaí eile, agus tugaí na cathrach ag tarraingt nó ag brú bád réthónach síos an abhainn thoir.
an tóin tite as geilleagar na tíre, the bottom fallen from the country's economy,
" Faraor, is mó is dóichí go gcríochnóidh téarma an Uasail Bush leis an Meánoirthear faoi thine, an tóin tite as geilleagar na tíre, agus go mbeidh sé ar dhuine de na huachtaráin is lú a raibh gean air riamh.
bun na duimhche! the bottom of the dune!
" Bhí sé ag cur báistí agus muid ag sleamhnú anuas &ndash; agus dearbhaím nárbh fhada go dtí gur shroich mé bun na duimhche! Agus an clár marcaíochta imithe uaim ar luas lasrach i dtreo iomlán eile, chuamar ag snámh san fharraige in Tasman, rud a bhí áisiúil chun an gaineamh a bhaint dínn.
Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas Young Poles redenned to the bottom of their ears
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
ag bun an tábla. at the bottom of the table
" Agus táimid fós ag iarraidh Gaeilge a bhrú ar scoileanna atá ag bun an tábla.
bun an leathanaigh bottom of the page
" An féidir leat na ceisteanna ag bun an leathanaigh a fhreagairt gan brí na bhfocal a fháil le do luch?Beidh an t-alt agus na ceisteanna ar fáil ar (www.
bun an leathanaigh bottom of the page
" An féidir leat na ceisteanna ag bun an leathanaigh a fhreagairt gan brí na bhfocal a fháil le do luch?Beidh an t-alt agus na ceisteanna ar fáil ar www.
íochtar an chuaille bottom of the pole
" Beireann an t-iomaitheoir ar íochtar an chuaille agus caitheann sé in airde é.
ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo. at the bottom of the Republican view here
" Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don &quot;mhé-féineachas&quot; atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo.
thit an tóin as the bottom fell out
" Nuair ba léir i 2008 nach raibh sa chuid is mó de na hidirbheartanna ach airgead samhailteach, thit an tóin as an tionscal, agus thit an domhan airgeadais leis.
go tóin poill to the bottom
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
go tóin poill to the bottom
" Chuaigh an bád go tóin poill agus b’éigean do long an Chabhlaigh na paisinéirí a tharrtháil as an bhfarraige.
dul go tóin poill going to the bottom
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
tóin tite bottom fallen
" Tá an tóin tite as an tír.
i dtóin in the bottom
" Ar an láimh eile, beidh preasráiteas an mhíchruinnis a foilsíodh sa nuachtán sactha isteach i dtóin an bhosca bhruscair an lá dar gcionn.
dtitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
áit na leathphingne at the bottom of the pile
" An plean chéanna i 1975 agus an uair seo é ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí: foireann Átha Cliath á moladh go hard na spéire aige agus foireann Chiarraí á chur in áit na leathphingne.
grinnill thirime dry bottoms, wadis
" Ní shroicheann aon uisce sna haibhneacha seo an loch, de ghnáth, mar nach mbíonn iontu den chuid is mó ach grinnill thirime, agus poill uisce anseo is ansiúd iontu.
tóin bottom
" Thit an tóin as an chóras idirnáisiúnta airgeadais agus bhuail suaitheadh uafásach na geilleagair mhóra dhomhanda.
ghrinneall bottom
" org/wiki/Fr%C3%B3%C3%B0i) Mé féin agus mo mháthair a rinne an turas, seanphéire reathaithe (sa dóigh is nach ngearrfaí na cosa dínn) agus bríste gairid orainn sa dóigh is go dtiocfadh linn treabhadh tríd an uisce agus na crústaigh a scríobadh de ghrinneall na farraige agus amach as íochtar carraigeacha.
tóin bottom
" Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
thóin bottom
" Tráthnóna, agus mo thóin dubh le brú diallaite, d'fhilleas ar Lárionad na nÉireannach i dTír an Fhuinidh arís chun cúrsa Gaeilge a theagasc.
bun bottom
" Ó bhí an tsamhain ann, bím ag féachaint ar na géaga uaigneacha na gcrann ag bun an ghairdín, agus iad ag síneadh go himpíoch chun na spéire.
tóin poill rock bottom
" Ráig a Bhuaileann Pobail An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
ón bhun aníos from top to bottom
" Séard atá i gceist, go n-athrófaí an córas geilleagair ón bhun aníos.
tóin poill bottom of the sea
" Sheol Margaret Thatcher, príomhaire na Breataine ag an am, loingeas na tíre sin isteach san Atlantach Theas agus cuireadh an chuid ba mhó de chabhlach na hAirgintíne go tóin poill.
ghrinneall (sea-)bottom
" Faoi dheireadh b’éigean dul ar thóir na hola i dtobair ar ghrinneall na farraige.
thit an lug ar an lag orthu the bottom fell out of them
" Ach go tobann thit an lug ar an lag orthu agus ar a lucht leanúna glórach.
go toinn poill to the bottom, sink
" Ó thaobh Oileán Oighear Petermann (2010) de, tá seans maith ann go leanfaidh a chúrsa chuig an Aigéan Atlantach Thiar, áit ar chuir cnoc oighir eile na Graonlainne an Titanic go toinn poill.
grinneall na farraige the sea bottom
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
Saibhreas an Ghrinnill rich(es) of the sea bottom
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
thit an tóin as the bottom fell out of
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
Thit an tóin as the bottom fell out
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
ghrinneall (sea)bottom
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
bun an scáileáin the bottom of the screen
" Is ag caint ar iPadanna is ar iFóineanna, nó iGhutháin, n’fheadar an raibh fhios agat gur féidir feidhmchláirín a bhronnadh ar duine eile? San AppStore é féin, roghnaigh an cláirín a bhfuil fonn ort é a bhronnadh; gabh síos go bun an scáileáin agus feicfidh tú cnaipe “Gift this App” a ligfeas duit r-phost a sheoladh leis na sonraí ar fad ann.
go tóin poill to the bottom
" com> Chuaigh an Lusitania go tóin poill 7ú Mí Bealtaine 1915, cóngarach de Cionn tSáile, Corcaigh, nuair a bhuail toirpéad Gearmánach é.
ghrinneall na habhann river bottom
" (D) An Siocadh Síos ========= Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
leaba an locháin lake bottom
" (D) An Siocadh Síos ========= Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
go tóin poill to the bottom of the sea
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
ó bhun go barr from top to bottom
" Má tá athrú le déanamh i Tesco, caithfidh siadsan aontú a fháil ó gach roinn ó bhun go barr na heagraíochta.
ghrinneall bottom
" Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí! Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
ar ghrinneall na mara on the sea bottom
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
bun a bottom
" Níl bun le feiceáil, agus é oscailte cósúil le béal mór dorcha a bhí ocrasach do na gringos.
bun an oighearshrutha bottom of the ice flow
" An darna lá, rachaidh an bhuíon go dtí an campa deiridh ag bun an oighearshrutha, agus idir meán oíche agus a trí a chlog ar maidin, fágfar an campa chun an cnoc a dhreapadh.
thit an tóin as bottom fell out of
" Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir.
thit an tóin as the bottom fell out of it
" I ndiaidh a bhfuil fulaingthe ag an oiread sin daoine ar mhargadh na dtithe in Éirinn nuair a thit an tóin as, ní rud cuibhiúil é a bheith ag déanamh mórtais as an mhéid a chaith tú ar theach.
bun na sraithe bottom of the league
" Labhair mé leis tar éis an chluiche in aghaidh Manchain Aontaithe ag *Ewood Park*, nuair a chaill Rovers 0-2 agus thit siad isteach sa limistéar baolach, is é sin i measc ceithre fhoireann bun na sraithe.
is mó atá in áit na leithphingine who are mostly on the bottom rung of the ladder
" Ar bhonn staidrimh, is iad na Caitlicigh is mó atá in áit na leithphingine.
atheagar ó bhonn a dhéanamh ar to reorganize from the bottom up
" Thug pobal na hÉireann sainordú daonlathach don rialtas seo atheagar ó bhonn a dhéanamh ar chóras polaitíochta na tíre.
in áit na leathphingine at the bottom of the pile
" Riamh anall, bhí muidinne, Caitlicigh, in áit na leathphingine sa chathair seo.
Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh they’ve a rock bottom life ahead of them
" Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh gan amhras.
ag bun an chairn at the bottom of the pile
" Ba ghéire an iomaíocht ag bun an chairn ná an iomaíocht náisiúnta idir na Gaeil a théadh ar imirce agus a gcuid fostóirí Sasanacha.
Thitfeadh an tóin as the bottom would fall out of
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
a thit an lug ar an lag the bottom fell out of
" Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil.
lucht scríofa bunailt na hirise those who write in at the bottom of the magazine’s articles
" ie go ceann i bhfad mar gheall gur dream deas ionraic iad 99% de lucht scríofa bunailt na hirise, bíodh ainm cleite nó ainm dílis orthu.
na scríbhneoir cantail bunailt linn the writers at the article bottoms
" Gearáin ==== Is léir ó na daoine a ghearán roinnt de na scríbhneoir cantail bunailt linn go gcaithfí gníomhú leis an scéal a réiteach luath nó mall.
gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha that the bottom fell out of the countries economies
" Ní léir domsa gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha ina labhraítear na teangacha sin nó gur cuireadh beatha othair i mbaol dá bharr.
gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr that the system ought to be created anew from the bottom up
" Amach ó na páirtithe imeallacha níl dream ar bith ag moladh gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr.
Nuair a thit an tóin as when the bottom fell out of
" An Deis Tagtha Faoi Dheireadh Thiar ================= Nuair a thit an tóin as an chóras dhomhanda airgeadais sa bhliain 2008, cuireadh ceisteanna bunúsacha faoi chruth, faoi struchtúr, agus faoi chothroime an chórais chaipitlíoch ar fad.
scoilte ó bhun go barr split from top to bottom
" Ní háibhéil a rá go raibh an páirtí scoilte ó bhun go barr, mar a míníodh ar an iris seo sa samhradh.
tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill after the massive ship sank to the bottom
" D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
clúdaithe óna bhun aníos covered from top to bottom
" Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí: comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
tóin mhín leathan uirthi a broad fine bottom under it
" Agus más bád ar déanamh na curaí a bhí aige, tóin mhín leathan uirthi seachas an droimlorga, níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir, agus an churach a iompar san áit a bhfuil eas agus mearuisce in Cenarth agus Caisleán Nua Emlyn.
faoi bhun an ailt seo at the bottom of this article
" Níor mhiste dá scríobhfadh léitheoirí BEO faoina gcuid eachtraí féin faoi bhun an ailt seo, mar is cóir go dtuigfimis cé chomh forleathan, nó a mhalairt, atá na heachtraí teanga seo.
ghaineamh mín ghrinneall na mara fine pebbled sand from the (ocean) bottom
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
thit an tóin as the bottom fell out of
" Sé bliana ó thit an tóin as an ngeilleagar domhanda, bíonn na gutháin de shíor ag bualadh in oifig bheag i mBaile Blainséir agus fágtar faoi naonúr treoir a thabhairt maidir leis na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá báite i bhfiacha.
gar do bhun na sraithe near the bottom of the league
" Os a choinne sin, tá páistí Éireannacha atá ina gcónaí sa Bhreatain gar do bhun na sraithe.
i dtóin an bháid in the bottom of the boat
" Agus chuir an chaora seo a cos amach faoi chlár rodthaí a bhí i dtóin an bháid.
thit an tóin as the bottom fell out of
" Bhí fadhbanna eile acu - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht cé gur ann dó go fóill agus tá Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza faoi láthair.
thóin bottom
" Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.