Is é an chéad rud a rinne sé ná pictiúr den Mhac Drabhlásach a chrochadh ar bhosca na faoistine in aice lena ainm féin! "Mise anois an Mac Drabhlásach tagtha abhaile," ar sé, sa chéad seanmóir a thug sé.
Insítear faoi shéiplíneach a tháinig amach as an mbosca faoistine an chéad uair a bhí sé ag éisteacht i séipéal Eoghanachta agus a dúirt lena shagart pobail: "Níl a fhios agam céard é an eascainí seo, ach tá an-chuid de ar siúl thart anseo.