Faigheann tú léargas iontach ar na sraitheanna fada crann agus ar na bolcáin, agus chíonn tú na crosa bána a bhfuil na bóithre breac leo, crosa atá ansin ar eagla go ndéanfá dearmad ar an chontúirt a bhaineann leis an chineál seo taistil.
Is léir go bhfuil Ruaumoko, ar dhia na mbolcán é, ar buile go fóill mar tá na bolcáin in Rotorua, a bhfuil gal agus foinsí teo ag borradh astu, fós beo.
Ach níor chuir an *lahar*, focal Indinéiseach a chiallaíonn meascán de chlocha agus d’uisce a shruthlaíonn as bolcán, isteach ná amach ar an turasóireacht.
Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.