Bhuel, ní agallamh den chineál sin le bóiscéalaí boigéiseach atá againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó is é Balor Béimneach Béalchliste atá ag cur na gcruacheisteanna agus is é Beairic Uasal Uachtaránach Ó Bama a bheas sa suíochán te.
“Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna boigéiseacha eile nach mbíonn málaí crochta faoina dtóin lena gcnap a cheapadh!” a fhógraíonn sé )agus é ag cuimhneamh ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne).