*Tá Níos Mó Seomra i mo Bholg* a bheas mar theideal ar an *magnum opus *seo agus, mar is léir ón teideal, beidh tagairt nó dhó ann don ithe agus don ól mar is iondúil i rud ar bith a scríobhann Balor an Blaochán.
“Cén áit a rachaidh muid ar saoire i mbliana chun dath na gréine a fháil ar na colainneacha caomha cruthúla seo?” a d’fhiafraigh Balor an Blaochán den Aire Bia agus Blonaige, Conchúr Kebab.