Ian Cianchainteach
=======
Buaicphointe na hócáide, dar le Balor an Bladaire a bhí i láthair don imeacht ar fad agus nár chaill oiread is bomaite de na hóráidí, ná an chaint a thug Ian Mc Garvey, Méara Dhún na nGall.
Níor shamhlaigh sé go dtiocfadh le hEnda Aoibhinn Álainn muintir bhocht bhrúite na Gaeilge a mhaslú mar sin – agus, mar is iondúil, bhí an ceart ar fad ag Balor an Bladaire, mar a fuair sé amach nuair a thug sé cuairt ar an aire úr ina oifig i dTithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath.