Níor phléasc polaiteoirí aontachtacha le fearg ollmhór agus an smuitín seo á thabhairt don daonlathas ag grúpa a áiríonn dúnmharfóirí, lucht díolta drugaí, drong na caimiléireachta agus biogóidí seicteacha ina measc.
Ciníochas agus seineafóibe
=======
Is cuma cé chomh gortaithe agus coillithe is a bhraith na Meiriceánaigh, ní féidir iompar biogóideach agus suarach mar seo a chosaint.
Ba é Smith, ar ndóigh, an chéad Chaitliceach a sheas d’uachtaránacht na Stát Aontaithe agus chuir na biogóidí ina choinne go tréan agus é i mbun a fheachtais.
Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.