Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thar a gcumas beyond their ability
" Cad é tá an PSNI a dhéanamh? An bhfuil sé thar a gcumas fáil amach cé atá ag cur na mbileog seo amach agus stop a chur leis.
lastall den uaigh? over beyond the grave?
" An mar sin a bheidh sé lastall den uaigh? Leath i ndiaidh a hocht, bainim sráidbhaile **Zariquiegui **amach.
thar chumas na samhlaíochta beyond the scope of the imagination
" Nó eirleach a bheith déanta ar an méid sin daoine go bhfuil sé thar chumas na samhlaíochta é a thuiscint i gceart.
go bhfuil an saol curtha as aithne that life has changed beyond recognition
" Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol curtha as aithne.
thar mholadh beirte beyond reproach
" Mar bharr ar an donas, ní raibh iompar go leor de na baill eile thar mholadh beirte ó thaobh an chomhshaoil de, daoine ar nós Daniel Ludwig, mar shampla, ar scrios a chuid comhlachtaí lear mór d’fhoraois bháistí na hAmasóine.
thar ár n-acmhainn beyond our means
" I mbeagán focal, bhí caighdeán maireachtála thar ár n-acmhainn againn mar phobal.
as compás beyond reason
" Is mithid, áfach, díriú ar chuid dá gcuid costas atá imithe as compás le dornán blianta anuas.
chúilriasc deireadh an domhain the back of beyond
" Nach mór an scannal é, ach nílim ag caint faoi mhuintir iargúlta na Mongóile ná faoi chúilriasc deireadh an domhain ar throigh gan tuairisc éigin.
thairis sin more, beyond
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
ó chumas beyond the power
" Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht.
tharstu beyond
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
as a riocht beyond recognition
" Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?
lastall beyond
" Saor, gan foirm, lastall de thadhall na gcéadfaí, i d'fhinné ar an uile ní.
thar a n-acmhainn beyond their means
" Bhí daoine ag maireachtáil i bhfad thar a n-acmhainn ar feadh i bhfad, le creidmheas ar fáil go héasca, agus carranna ollmhóra acu i gcabhsaí a dtithe ollmhóra fobhailteacha.
thar a n-achmhainn beyond their means
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
gan de chumas iontu beyond their capability
" Tá cuma puipéidí scantraithe ar Enda Kenny agus Éamonn Gilmore, gan bunsmaoineamh ar bith dá gcuid féin acu, gan aon mhisneach acu agus gan de chumas iontu dóchas a thabhairt don phobal a thogh iad.
thar a acmhainn beyond its means
" An t-aon srian atá ann, is é nach rachaidh tír ar bith thar a acmhainn.
Tacaíocht Anall help from beyond
" Tacaíocht Anall ====== Ócáid ar leith a bhí ann do Dhara mar tháinig a athair agus beirt deartháireacha anall as Éirinn chun an cluiche agus é féin a fheiceáil.
Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide way beyond time for a rest
" Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide ach ní raibh aon éalú ón bháisteach nó ón ghaoth, faraor.
Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air changed beyond recognition, really gone up in the world
" Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air ================ Glacadh mar bhall den uasaicme é agus baisteadh an teideal oinigh ‘scuibhéir’ air, cé go raibh taifead coiriúil aige.
gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall that it’s right to call a new bridge in East Belfast after the new royal child over beyond
" Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh.
thart orthu athraithe as a riocht around them has changed beyond recognition
" Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus “Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann.
thar cheantair Ghaeltachta eile beyond other G. area
" Admhaím go bhfuil fuinneamh ar leith i muintir Chonamara, go fiú thar cheantair Ghaeltachta eile.
Thall over beyond
" Thall sa Bhreatain an scéal céanna – díomá agus míshásamh.
ag cur fúithi sa mhainistir ar an iargúil living in the monastery in the back of beyond
" Tá Voichita ag cur fúithi sa mhainistir ar an iargúil nó go dtagann bean óg eile Alina ar cuairt chuici.