Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'fhág siad le huacht aici that they bequeathed her
" " Agus í ag smaoineamh ar a tuismitheoirí, deir sí gurb iad na rudaí is mó a d'fhág siad le huacht aici ná meas ar an oideachas agus an mhuinín lena rud féin a dhéanamh sa saol gan a bheith ag fanacht ar chabhair ó dhaoine eile - dhá phrionsabal a sheas go maith léi sa saol a bhí roimpi.
a thiomnú to bequeath
" Beidh le feiceáil an éireoidh lena iarracht a shuíochán a thiomnú dá iníon.
tiomnaithe bequeathed
" Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin.
an t-airgead a thit leis mar oidhreacht the money which was bequeathed to him
" Nuair a d'éag athair Niocláis, agus é fós ina dhéagóir, shocraigh sé an t-airgead a thit leis mar oidhreacht a thabhairt do na daoine bochta ar an mbaile in ionad é a choimeád dó féin.