Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tairbheach beneficial
" Is pobal nua-aoiseach muiníneach iad atá ag glacadh go fonnmhar leis an ndúshlán saol tairbheach, fiúntach a mhúnlú dóibh féin is dá gclann.
uirlis fhíorthairbheach a very beneficial instrument
" Ach thairis sin, mheas muid gur uirlis fhíorthairbheach í do ghnó Éireannach agus nach bhfuiltear ag tabhairt na creidiúna sin di i láthair na huaire.
thairbheach beneficial
" Is iomaí úsáid thairbheach is féidir a bhaint as an fheamainn, ar ndóigh.
tairbheach beneficial
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Tá plé na ceiste maidir le haitheantas don Ghaeilge mar theanga oibre taobh istigh den Aontas Eorpach an-suimiúil agus tairbheach.
tairbheach beneficial
" "Bhí sé polaitiúil agus deacair," a deir Ray ag tagairt don tréimhse a chaith sé ansin, "ach tairbheach ag an am céanna.
tairbheach beneficial
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
thar a bheith pléisiúrtha agus taitneamhach agus tairbheach very pleasant and enjoyable and beneficial
" “Chaith mé ceithre bliana thar a bheith pléisiúrtha agus taitneamhach agus tairbheach ag plé le Raidió na Gaeltachta anseo i mBaile Átha Cliath.
sásúil agus tairbheach don dá thaobh satisfactory and beneficial to both sides
" Measann Ó Ciardha, áfach, go bhfuil an socrú atá déanta le RTÉ sásúil agus tairbheach don dá thaobh agus, ar aon nós, nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh TG4 ag cur cláracha le chéile iad féin.
ba thairbhide would be beneficial to
" I mbeagán focal, ba thairbhide an stát agus na hinimircigh araon an rialtacht stádais.
Leas an Ghnó, Aimhleas na Fuaime beneficial for business, detrimental to the sound (quality)
" Leas an Ghnó, Aimhleas na Fuaime ================= Agus caithfear a rá gurbh fhear gnó den scoth é.
ndéanfaidh na moltaí seo leas these points will be beneficial
" Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.
Dhéanfadh sé leas it’d be beneficial
" Dhéanfadh sé leas dá gcuirfimis aithne cheart ar ár sinsear agus ar a chéile.
i bhfeidhm atá chun aimhleasa into effect which are not beneficial
" D’fhonn an cuspóir seo a chur i gcrích tá roinnt beartas sriantach á gcur i bhfeidhm atá chun aimhleasa, ní amháin daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad, ach sciar maith Briotanach, leis.
ar aimhleas na háite seo not beneficial to this place
" Béal an Mhuirthead ======== **SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo.
rud éigint fónta a dhéanamh to do something beneficial
" Bhí brú ar n’a' haon duine a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh.
gur fiú leo gréasán inrochtana who find an accessible net beneficial
" ly/ReamhraInrochtanaGreasain> Ina réamhrá ar an ábhar seo luaitear nach iad muintir na héalainge amháin gur fiú leo gréasán inrochtana: cabhródh sé go mór leo siúd atá in áit le rochtain idirlíon mall nó a bhfuil míchumas sealadach orthu: lámh bhriste nó a leithéid.
Is mór an gar (it) is very beneficial
" Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht.