Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-sciamhacha very beautiful
" Mar shampla, tá lacha ann ar a dtugtar an *mandarin*, a bhfuil cleití an-sciamhacha aige, oráiste agus dearg agus crón.
Spéirbhean beautiful woman
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
triúr spéirbhan na hÉireann the three beautiful women of Ireland
" Bhíodh daoine ag éirí óna sé ar maidin ach bhíodh triúr spéirbhan na hÉireann á gcaitheamh amach as gach ospedaje faoi 7.
an tríú trá is áille ar domhan the third most beautiful beach in the world
" De réir comórtais dhomhanda, is í seo an tríú trá is áille ar domhan.
vaimpír álainn baineann a beautiful female vampire
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An fhís atá agam féin ná go mbeidh vaimpír álainn baineann ag siúl shráideanna na cathrach istoíche ag baint plaiceanna as daoine agus, in áit vaimpír a dhéanamh astu, go dtosnóidh siad ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach agus nach fada go mbeidh pobal iomlán na cathrach claochlaithe.
tá radharcanna áille beautiful views
" Fásann gach cineál bláth san áit agus tá radharcanna áille le feiceáil thart timpeall.
tírdhreach álainn beautiful landscape
" Dream bródúil is ea muintir na Baváire agus cad chuige nach mbeidís bródúil? Is réigiún saibhir ag a bhfuil tírdhreach álainn í an Bhaváir.
rud éigin álainn a chur in iúl to express something beautiful
" "Is rud neamhaí í an fhilíocht," a deir sé, "a bhrúchtann aníos nuair is mian le duine rud éigin álainn a chur in iúl.
guth binn aoibhinn beautiful sweet voice
" *Dún an Doras *an t-ainm atá ar an gceann is fearr ar fad acu; de réir traidisiúin, fuaireadar a n-ainm de bharr fógra a bhí scríofa ar dhoras an leithris i dteach tábhairne! Faraor, ní channann an t-amhránaí i nGaeilge mórán, cé go bhfuil guth binn aoibhinn aici, ach rinne sí "Seoladh na nGamhna" a thaifeadadh le déanaí (thugas cabhair di leis an bhfuaimniú), agus tá súil agam go gcuirfidh sí lena stór amhrán Gaeilge.
sráidbhaile gleoite a beautiful village
" Tá sé suite ag Port na hAbhann, sráidbhaile gleoite ar chósta thiar Íle.
an t-amhrán ab áille the most beautiful song
" Mheas mé gurbh é an t-amhrán ab áille agus ba bhrónaí dár chuala mé riamh, ach níorbh fhéidir liom focal de a thuiscint, dar ndóigh.
radharc aoibhinn beautiful view
" radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
tírdhreacha galánta beautiful landscapes
" Deirtear gur measa an aimsir in Albain ná mar atá sí in Éirinn, agus chaithfinn a theacht leis an tuairim sin, ach nuair a bhí aimsir mheasartha ann bhí tírdhreacha galánta le feiceáil ón cheann thoir ó dheas den oileán, an áit a bhfuil an coláiste suite.
tírdhreacha galánta beautiful landscapes
" Deirtear gur measa an aimsir in Albain ná mar atá sí in Éirinn, agus chaithfinn a theacht leis an tuairim sin, ach nuair a bhí aimsir mheasartha ann bhí tírdhreacha galánta le feiceáil ón cheann thoir ó dheas den oileán, an áit a bhfuil an coláiste suite.
tírdhreacha galánta beautiful landscapes
" Deirtear gur measa an aimsir in Albain ná mar atá sí in Éirinn, agus chaithfinn a theacht leis an tuairim sin, ach nuair a bhí aimsir mheasartha ann bhí tírdhreacha galánta le feiceáil ón cheann thoir ó dheas den oileán, an áit a bhfuil an coláiste suite.
clog álainn cré-umha a beautiful bronze bell
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
foirgnimh áille phoiblí beautiful public buildings
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo the piece of beautiful genius architecture
" Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.
clog álainn cré-umha a beautiful bronze bell
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
clog álainn cré-umha a beautiful bronze bell
" Sa seomra a bhaineann leis an Ré Luath-Chríostaí, tá clog álainn cré-umha le feiceáil, a rinneadh thart fán 9ú haois.
glémhaiseacha exquisitely beautiful
" Tráthnóna, a cuid pagódaí ar crochadh léithesiogairlíní glémhaiseacha a cluaise;tchím í ag siúl go ríogúil i measc a muintire, á mbeannúlena teanga túise, cloigíní ag clingireacht ina gáireagus í ag déanamh gleo le bantracht bheoshúileach an mhargaidh.
ar áilleacht na cruinne extremely beautiful
" Toisc go bhfuil an fhilíocht sa dá shaothar sin ar áilleacht na cruinne ní raibh sé chomh deacair sin ceol a chumadh a oirfeadh dóibh.
gairdín gleoite bláthbhreac beautiful flower-filled garden
" Moltar, lena chois sin, cuairt a thabhairt ar thuama naomhphátrún na heaglaise, Santa Eulalia, agus ar an chlabhstra álainn ón 14ú céad agus an gairdín gleoite bláthbhreac atá in aice leis.
ag dáileadh dí ar mhná dathúla giving out drink to beautiful women
" Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.
taispeántas álainn a beautiful exhibition
" Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird.
go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith that my beautiful lovely face would frighten anyone
" Bhí mé ag iarraidh dul suas ar an altóir le Finbar Furey mar chuid den cheolchoirm ag deireadh an Aifrinn ach dúirt siad go scanróinn an pobal – amhail is go n-uamhnódh mo ghnúis ghnaíúil ghalánta duine ar bith.
i bhfoirgneamh álainn in a beautiful building
" ” Ar an dea-uair beidh an pictiúr le feiceáil go poiblí i ndánlann Lauder, an Neue Galerie, atá suite i bhfoirgneamh álainn ar 5th Avenue i Nua-Eabhrac agus a dhíríonn ar ealaín agus dearadh Ostarach agus Gearmánach ó thús an 20ú haois, saothar Paul Klee, Wassily Kandinsky agus Egon Schiele san áireamh.
snoíodóireacht álainn chasta beautiful intricate carving
" An dealbh is fearr atá faighte go dtí seo ná leac croise atá thart fá thrí mhéadar ar airde, agus snoíodóireacht álainn chasta ar an dá thaobh di.
na radharcanna áille the beautiful views
" Tar éis dhá lá den sneachta ba mheasa a chonacthas sa tír le 40 bliain anuas, bhí sé iontach ar fad nuair a tháinig an ghrian amach agus bhíomar in ann na radharcanna áille a bhí thart timpeall orainn a fheiscint.
níos áille more beautiful
" “Níorbh fhéidir le Colm Cille a ainm a thabhairt d’áit níos iargúlta ná níos áille; tá stair na háite le feiceáil ag an chuairteoir achan áit a leagann sé a shúil,” a deir Liam Ó Cuinneagáin i réamhrá an leabhair chéanna.
seisear spéirbhan six beautiful women
" Níor cheap muid go brách go dtarlódh a leithéid! Deis iontach atá ann gan dabht agus, le cúnamh Dé, cuirfidh sé “ar an mapa” i Meiriceá muid!***AÓF: ******Bhí mé ag féachaint ar na grianghrafanna atá ar an suíomh gréasáin atá agaibh agus chuala mé craoltóir áirithe ag tabhairt “seisear spéirbhan” oraibh le déanaí.
fíorálainn really beautiful
" Tá na háiseanna agus an fhoireann sa stiúideo sin iontach go deo agus tá an radharc ón stiúideo fíorálainn.
ag breathnú ar na rudaí áille looking at the beautiful things
" Chaith mé féin agus mo chara Sophia maidin i margadh na dturasóirí i Livingstone, ag breathnú ar na rudaí áille a bhí ar díol ann.
radharc galánta a beautiful view
" Tá an brú sin díreach ar an bhá, agus radharc galánta as.
an láithreán álainn eaglasta. the beautiful ecclesiastical site.
" Tá trí phríomhshráid sa tseanchuid den bhaile, a théann go dtí pointe amháin, an láithreán álainn eaglasta.
cuan gleoite. a beautiful harbour.
" Tá sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite.
píosa álainn eolasach a beautiful and knowledgeable piece
" uk), áit a bhfuil píosa álainn eolasach in ómós di ar fáil.
áiteanna áille, beautiful places,
" Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna, á scrios ar mhaithe leis an airgead.
an aimsir is áille den bhliain the most beautiful weather of the year
" Uaireanta bíonn an aimsir is áille den bhliain ann i mí na Bealtaine.
gleann gleoite glas a beautiful green valley
" Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
páirc phoiblí mhór ghalánta a big and beautiful park
" Thiomnaigh sé an halla do chomhairle na cathrach agus bhunaigh siadsan páirc phoiblí mhór ghalánta ansin.
leithnis álainn beautiful penninsula
" Ba i gContae Phort Láirge a lonnaigh sé é, ar leithnis álainn Ghaeltacht na Rinne.
cailís álainn a beautiful chalice
" D'inis sé dom go raibh leac chuimhneacháin do Herbert Trench agus cailís álainn a bronnadh ar an bparóiste ina chuimhne sa séipéal fosta.
daoine dóighiúla beautiful
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
go bhfágfaí gleann álainn San Luis ina fhásach that the beautiful San Luis valley would turn into desert
" Ar deireadh thiar, áfach, d’éirigh le muintir na háite stop a chur leis an bplean tar éis dóibh a mhaíomh go bhfágfaí gleann álainn San Luis ina fhásach dá leanfaí ar aghaidh leis.
is áille most beautiful
" Tá an áit mar a bheadh carrchlós ann anois, in ionad é a bheith ar an limistéar is áille sa cheantar, mar a bhí sé roimhe seo (c.
amharcann dóighiúil look beautiful
" Agus buíochas le Dia, ’s iad na daoine ar comhaois liom féin a amharcann dóighiúil agus gnéasach i mo shúilese agus ní na tachráin lushúla agus foirfe a fheiceann tú i bpubanna faiseanta Bhaile Átha Cliath.
áille beautiful
" Mar a bheifeá ag súil leis, tá radharcanna áille le feiceáil uathu araon.
áilne beautiful
" Bhuaileamar le *Merle Haggart, Kenny Rodgers* agus iad so ar fad, daoine áilne.
is áille most beautiful
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
gleoite beautiful
" Déan an chéim seo arís agus arís eile, go dtí go bhfuil tú dubh dóite de ar aon nós – sa chruth mar a bhfuil cur síos déanta air ag Koch leantar leis na céimeanna go deo! Áille Mhór sa Mhiondúil =========== Mar is léir, faightear íomhánna gleoite as na halgartaim seo, ach ní raibh mórán measa ag lucht na matamaitice orthu roimh theacht Mandelbrot.
tírdhreach álainn beautiful landscape
" Ach is iad na grianghraif iad féin, den tírdhreach álainn agus de shaol na n-eachtránaithe atá ag croílár an taispeántais.
Íomhánna áille beautiful images
" Íomhánna áille ar fud na tíre, ar maidin go háirithe, agus é chomh fuar! Bhí aimsir mar seo cheana, na céadta bliain ó shin: Sádhail ár gcoire dá dhrol, Is aistreach lon Leitir Cró, Do mhínigh sneachta Coill Ché, Deacair dréim le Beanna Bó.
chomh hálainn as beautiful
" An bhfuil aiféala nach bhfuilir in ann cónaí in áit chomh hálainn le do cheantar féin, Corca Dhuibhne?** SÓhU: Ar ndóigh, is álainn ar fad é an ceantar, Corca Dhuibhne, ach caithfidh duine a bheith in áit a bhfuil do chuid oibre, áit ina bhfuil obair le déanamh.
rún áilleacht thírdhreach secret of beautiful landscape
" Mar dhráma faisnéise, tá ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
thógfadh an radharc álainn do chroí the beautiful view would lift ones heart
" Bhí oileáin bheaga eile le feiceáil sa mhurlach os ár gcomhair agus thógfadh an radharc álainn do chroí.
is áille most beautiful
" Is é Rarotonga an áit is áille dá bhfaca mé riamh.
fhíorálainn really beautiful
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
radharc álainn a beautiful view
" Sa chlachán ag Balgowan atá sé agus ní bréag a rá go bhfuil radharc álainn thart timpeall ann.
áille beautiful
" Níl le feiceáil ach daoine áille in áiteanna áille ag déanamh rudaí áille lena chéile.
álainn beautiful
" Leis an samhradh álainn seo, tiocfaidh glúin nua ainmhithe ar an saol, ach ní fheicfidh tú roinnt de na sinigh seo go héasca, gan cuairt a thabhairt ar an trá.
An trá is áille the most beautiful beach
" Tá na duaiseanna atá bronnta ar an gcríoch seo, ar nós ‘An trá is áille i Queensland’ agus ‘An trá is éiceabháiche ar domhan’, tuillte go maith aici.
an ní ab áille the most beautiful thing
" Níorbh í Trá Whitehaven an ní ab áille dá bhfaca muid an lá sin, áfach.
cultacha seanré áille beautiful period costumes
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
a haghaidh álainn gealgháireach her beautiful smiling face
" Nach claonpháirteachas é sin? Mary Travers ======= Níor chuala muid glór Mary Travers ach chonaic muid a haghaidh álainn gealgháireach ar na nuachtáin.
is scéimhe dá bhfaca mé riamh most beautiful I’ve ever seen
" B’álainn an aimsir agus muid ag fanacht i gceantar Loch Tekapo áfach, ceann de na háiteanna is scéimhe dá bhfaca mé riamh.
mianach álainn smóldhearg a beautiful seasoned colour quality
" Céard a bhí agam os comhair mo dhá shúil, ach fliúit ar an seandéanamh, cheithre bhanda miotail socraithe go paiteanta uirthi, agus mianach álainn smóldhearg ina cuid adhmaid.
foireann bhlasta a beautiful cast
" Cliar den Scoth ======== Agus nach foireann bhlasta iad na carachtair uilig.
loiscfear a sciatháin mhaiseacha its beautiful wings shall be borned
" Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
dá stail álainn céile with her beautiful stallion of a husband
" Bean nua-phósta, i luan an ghrá dá stail álainn céile.
ceann de na radhairc is áille agus is foirfe one of the most beautiful and most perfect scenes
" Ní mise amháin a cheapann gurbh é an chaint fhada aonair, *“Tears in the Rain”* an scannáin seo, ceann de na radhairc is áille agus is foirfe i stair na scannánaíochta.
ab áille most beautiful
" B’í an bhean ab áille dá bhfaca mé riamh, sa bhfeoil, mar a déarfá, os chomhair mo dhá shúil amach.
ab áille ar domhan most beautiful in the world
" Bhuaileamar bóthar an lá dár gcionn, agus taobh istigh d’uair an chloig bhí ceann de na háiteanna ab áille ar domhan sroichte againn – teach dísirt Loretto Mary Holme ar shealúchas ollmhór glas os cionn Loch Simcoe i mbaile beag darb ainm Keswick.
is áille most beautiful
" “Seo ceann de na háiteanna is áille go chonaic mé riamh,” a dúirt Níamh, bean ar mo chúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille, Co.
de rún ag mná óga áille áirithe certain young beautiful women intend
" “Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil.
dearadh álainn a beautiful design
"dearadh álainn ar an bhfeidhmchláirín iontach seo a ligean duit breathnú ar na réaltaí ar neamhchead d’am nó don aimsir atá ann.
Taispeántas álainn spéisiúil é seo this is a beautiful and interesting exhibition
" Taispeántas álainn spéisiúil é seo agus a bhfuil le feiceáil agus le foghlaim ann faoi cheann de thréimhsí mórthábhachtacha ealaíne an domhain.
níba áille more beautiful
" Ba dhoiligh áit níba iargúlta, níba áille ná níba chiúine a aimsiú fud fad na hÉireann.
gleoite agus dírithe ar beautiful and directed towards
" Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo.
aoibh álainn an Phápa the pope’s beautiful countenance
" ’ Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
binneas aoibhinn a beautiful sweetness
" Ar an díolaim seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne agus í ag ceol amhráin óna dúchas.
culaith álainn nua a beautiful new suit
" *” Agus sin príomhfheidhm an cheoil sa chlár seo, culaith álainn nua a sholáthar do chathair a chaill formhór a cuid acmhainní luachmhara sa bháisteach agus sa ghaoth.
comhramh álainn a beautiful trophy
" Is comhramh álainn é an corn, an dearadh bunaithe ar na cuacha a bhain le luathstair na Críostaíochta in Éirinn, cuir i gcás Cuach Ardach atá ar taispeáint in Ard-Iarsmalann na hÉireann.
radharcanna galánta beautiful views
" Ba bheag am a bhí againn, áfach, chun lán an tsúil a bhaint as na radharcanna galánta.
ag lucht caointe agus lucht cáinte na teanga ársa áille seo the wake frequenters and the belittlers of this beautiful ancient language
" Is beag rud a chuireann isteach ar Bhalor chomh mór leis an síorolagón a bhíonn ar siúl ag lucht caointe agus lucht cáinte na teanga ársa áille seo.
ag amharc ar an thírdhreach álainn looking at the beautiful landscape
" Luigh mé siar ar bhinse atá tógtha in aice leis an charn, ag amharc ar an thírdhreach álainn, bolg le gréin, ag éisteacht leis na héin agus an ghaoth, i dteagmháil le mo shinsir.
ma belle my beautiful
" Bhí Balor ag ceol amhrán na Beatles agus é ag brú a bhealaigh trí na sluaite a bhí taobh amuigh den siopa: “Michelle, ma belle, sont des mots qui vont tré bien ensemble, ma Michelle.
Tírdhreach álainn, éagsúil a beautiful diverse landscape
" Tírdhreach álainn, éagsúil, dúlra atá slán anois ó láimh an duine faoi choimirce na Geopháirce.
maraon le carbad álainn along with a beautiful carriage
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
bhfuil cuma álainn ar has a beautiful appearance
" Cé go bhfuil cuma álainn ar an gcarr taobh amuigh, measaim féin nár caitheadh go leor ama ag dearadh an inne.
san ionad aoibhinn in the beautiful centre
" Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála a reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo - Comhairle Contae Mhaigh Eo san ionad aoibhinn i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh lá deiridh na Samhna.
an tséipéil ghleoite a tógadh of the beautiful church which was built (in his honour)
" I bhfad ón Laplainn a nochtadh a scéal dom agus a bhfaca mé iarsmaí an tséipéil ghleoite a tógadh ina onóir.
Ealaín Álainn beautiful art
" Ealaín Álainn ====== Bhí an séipéal i bhfad níos mó ná a raibh mé ag súil leis.
na freascóanna is áille dá bhfaca mé riamh the most beautiful frescos I’ve ever seen
" Taobh istigh, bhí roinnt de na freascóanna is áille dá bhfaca mé riamh.
cumhdach álainn a beautiful shrine, container
" Anois níl fágtha, in go leor cásanna, ach cumhdach álainn a bhí déanta leis na taisí a chosaint chomh maith le hurraim a thabhairt dóibh.
gcathair bheag, álainn a small beautiful city
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
tránna áille beautiful beaches
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
is aoibhne most beautiful
" Cór nó cumann ceoil agus iad ag tnúth le pianadóir den scoth a chloisteáil i gceann de na hallaí ceoil is aoibhne sa tír.
cathair álainn i ngar duit a beautiful city nearby
" Áit ar leith í Cois Fharraige, dar leis: cladach, trá is sliabh, cathair álainn i ngar duit, agus traidisiún atá láidir go fóill, in ainneoin chuile shórt.
An rud is annamh is iontach a beautiful exception
" An rud is annamh is iontach: dá ndéarfainn sin bheinn i bhfad ón marc.