Sa chás go gceadófar íocaíochtaí amach anseo, cé méid airgid a bheas i gceist agus cad as a dtiocfaidh sé? An mbeidh cead ag bainisteoirí a gcuid íocaíochtaí a phlé agus a shocrú i gcomhar le coistí clubanna agus contaetha agus ardú a éileamh faoi mar a dhéanann fostaithe go minic i gcúrsaí gnó? An mbeidh an íocaíocht ag brath ar leibhéal an bhrú agus stró atá ar an mbainisteoir de thoradh an mhéid ama a chaitheann siad as baile gan
a bhean chéile ná a chlann a fheiceáil ó cheann ceann na seachtaine? Luaitear an ghné sin den bhainistíocht go minic ach dáiríre an mbaineann sé le hábhar?
Daoine go Leor Buartha
============
Scanraíonn an cheist ar fad go leor daoine sa CLG toisc go bhfeictear dóibh go mbeidh sciar maith den airgead a bhailítear go deonach trí chrannchuir, oícheanta rásaíochta, chlasaicí gailf, laiteonna, shiúlóidí urraithe is araile á chaitheamh ar bhainisteoirí seachas ar ghasúir, ar fhearas agus ar áiseanna.