An teacht i dtír ar dhaoine tragóideacha bochta atá sna taispéantais seo nó an áis iontach foghlama iad? An ag
deánamh beag is fiú d’urraim don duine ar mhaithe le hairgead a shaothrú nó an bhfaigheann daoine tuiscint níos fearr ar an bheatha dhaonna agus níos mó measa dá réir uirthi i ndiaidh Bodies a fheiceáil?
Rinne clár nuachta ABC, 20/20, fiosrúchán ar an ‘trádáil rúnda’ i gcorpáin Síneacha agus mhaígh go raibh na marbháin ar díol ar an mhargadh dhubh ar $300 an ceann.