Cé go raibh Pádraig Ó hAoláin ó Údarás na Gaeltachta sásta go bhfuil leathnú ar bhunús náisiúnta le déanamh ar ghné na Gaeilge de obair an Údaráis, dúirt sé go raibh gá le “beachtú” agus le “soiléiriú” a dhéanamh chomh maith ar an ról a bheidh ag an earnáil dheonach Ghaeilge.
Ba ar an 11 Samhain, 2005 - an oíche roimh thús chomhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh - a bheachtaigh Enda Kenny an beartas i leith ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh i dtús ama.