Ba i dtrátha an ama seo fosta a thosaigh Sasanaigh agus Albanaigh a chur fúthu anseo nuair a roinneadh an "unchartered territory" seo ina bharúntachtaí.
Tá an scéal ag gabháil thart gur ainmníodh Baltimore Maryland as ‘barúnacht’ i gContae Liatroma/Longfoirt sa bhliain 1625 nuair a bronnadh talamh agus teideal, ‘Barún Baltimore’ ar George, ach níl barúntacht den ainm sin ann.