"Tá siad i dteideal pinsean a bheith acu," a mhaíonn Balor an Baothán, agus é ag tagairt do lucht an IRA nach mbeidh teacht isteach ar bith acu níos mó má bhíonn cead a chinn ag Micí Mar Is Dual.
“Tá a fhios agam sin nó chuir mé agallamh orthu, agus sin an tuige go bhfuil mé bodhraithe ag na baotháin, go bhfuil mé briste, bascaithe agus brúite.
Anois, a Bhaloir, a bhaotháin bhreallánta, bhundúnaigh, sílim gur leor sin mar agallamh, má tá tú ag iarraidh a bheith ar ais ag scríobh do Beo! ar an mhí seo chugainn.