Níl sé i bhfad ó shin ó bhí banlaoch snámha na hÉireann (ar feadh tamaill ar aon nós!) go mór sa nuacht nuair a fuarthas rud éigin aisteach (fuisce!?) ina cuid fuail tar éis di sampla tástála a thabhairt.
Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i
hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.