Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bancbhristeacht bankruptcy
" Cupla lá tar éis a gcuairte, ba léir don rialtas go raibh an banc ollmhór Citigroup ar tí bancbhristeacht a fhógairt, agus tugadh $20 Billiún dóibhsean, mar bharr ar an $25 Bhilliún a fuair siad dhá mhí ó shin mar chuid de bhannú mór na mbancanna.
i bhféimheacht in bankruptcy
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
bancbhristeacht bankruptcy
" B'éigean do na comhlachtaí móra cairr, mar shampla, dul ar a nglúine go Washington mí Feabhra chun iasachtaí a lorg ón rialtas nua, agus fós féin, táthar ag tuar go mbeidh ar an ollchomhlacht General Motors (a dhéanann Opel, Saab, agus Vauxhall, mar shampla, san Eoraip) bancbhristeacht a fhógairt.
i dtreo na féimheachta into bankruptcy
" Míchumas seachas mí-ionraiceas a léirigh Brian Cowen agus a chomhleacaithe agus an tír ag sleamhnú go tubaisteach i dtreo na féimheachta.
féimheacht bankruptcy
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.