Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tháinig sé anuas he came back down
" Is é a deir sé anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile! An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág sé an banna go tobann ? “Is dócha go raibh ar feadh tamaill.
mhaolaigh departed from or backed down
" Ní raibh lá rúin ag Sinn Féin sa Tionól agus diaidh ar ndiaidh, mhaolaigh baill an pháirtí ar ráiteas dúr Uí Chaoláin.
ag sileadh lena dhá ghualainn flowing down his back
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
go rialta sna blianta siar regularly back down the years
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.