Dream barbartha, aineolach, trodach, fiáin a bhí sna Gaeil, mar dhea, agus sin an fáth go raibh “bunaitheoir Bhéal Feirste” ábalta seo a rá:
“*I burned all along the Lough, (Loch nEachach) within four miles of Dungannon and killed one hundred people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death; we kill man, woman and child; horse, beast and whatsoever we find*,”
Ba shin caint Sir Arthur Chichester, agus é ag trácht ar ghlanadh eitneach a chleacht sé ar na Gaeil
sna bólaí thart ar Bhéal Feirste, do chum ghlóir Eilís I agus d’onóir Shasana.