Is é an lá mór craoibhe, an slua,
an béiceach, an chaint, na hailt ar an bpáipéar, "Cluiche an Domhnaigh", "Spórtiris", "Ard san Aer", na cuimhní, na scéalta, na dathanna, na bratacha, na ceapairí, boladh toitíní agus fuail - na heilimintí go léir a ardaíonn an croí, a spreagann an dóchas, a mheallann an seanimreoir chun iarracht mhór amháin eile, bliain amháin eile, chun an chraobh a thabhairt abhaile go dtí an baile beag, an paróiste nó an chathair mhór.