Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht chumarsáid an idirlín i dtreis.