Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht féachana scanraithe a scared audience
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
lucht éisteachta dílis loyal audience
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
lucht éisteachta audience
" Ní dóigh liom gur féidir linn a rá ná gur féidir le héinne a rá go bhfuilimid ag díriú isteach ar *niche *áirithe amhrán mar tá réimse ceoil idir lámha againn, agus ceapaim go dtaitníonn sé sin leis an lucht éisteachta freisin.
lucht féachana audience
" Ba iad an dís seo a scríobh "A Cold House", agus den chéad uair in iarthar Bhéal Feirste, b'fhéidir, beidh smaointe inmheánacha bhall den RUC á nochtadh go neamhbhalbh os comhair lucht féachana a bheidh chóir a bheith céad faoin chéad náisiúnach.
lucht féachana audience
" Bhí an amharclann lán (bhí thart ar 500 duine i láthair) agus fuair an dráma moladh ard, cé nach raibh Gaeilge ag mórán dár lucht féachana.
lucht féachana audience
" Ní raibh inimircigh Éireannacha ar bith sa lucht féachana.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
lucht féachana audience
" Níor mhair sé ach leath lae an bhliain sin agus ní raibh ach deich gcinn d'imeachtaí ar fáil don lucht féachana - rince, rásaí, amhránaíocht chórúil, fidléireacht agus araile.
lucht éisteachta audience
" I measc an lucht éisteachta i 1904 bhí Piaras Béaslaí é féin.
lucht féachana mór a mhealladh to attract a big audience
" Tá éirithe leis lucht féachana mór a mhealladh, agus is éacht é go bhfuil sé inmharthana.
lucht féachana audience
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
lucht féachana audience
" Bhíodh lucht féachana againn aon uair a bhíodh tacsaí á fháil againn le cinntiú go raibh an táille cheart á gearradh orainn! Teach do pháistí ======= Bhí an tionscadal ina raibh mé lonnaithe suite i mbaile beag darb ainm Denase, gar do Kumasi.
idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta both competitors and the audience
" AÓF: B'fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti.
an lucht féachana the audience
" ” Agus ar thug an lucht féachana é seo faoi deara? “Is dócha gur thug – ní ceolchoirm mhaith a bhí ann.
lucht féachana domhanda a global audience
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
dírithe ar an lucht féachana aimed at the audience
" Má chruthaítear ábhar físe maith atá dírithe ar an lucht féachana is féidir a bheith cinnte de go mbeidh sé i mbéal an phobail ar líne.
shroichfeadh sé pobal níos leithne it would reach a wider audience
" AÓF: An bhfuil aon seans go mbeidh ábhar ón gcartlann seo ar fáil ar an idirlíon amach anseo? Chabhródh sin le lucht taighde, ar ndóigh, agus shroichfeadh sé pobal níos leithne.
le go dtuigfeadh a lucht éisteachta é so that his audience would understand him
" Dúirt sé freisin gur chuir sé díomá air go raibh gá lena chaint a aistriú go teangacha eile le go dtuigfeadh a lucht éisteachta é.
den lucht féachana of the audience
" ” Tá sciar 3% den lucht féachana ag TG4 agus deir Ó Ciardha gur leagadh síos sprioc tamall de bhlianta ó shin go n-ardófaí é sin go 5%.
a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh. to present their works to a wide audience.
" Is mór an deis a thabharfaidh IMRAM d'fhoilsitheoirí agus d'údair na Gaeilge a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.
go mbuafadh duine sa lucht féachana that someone in the audience would win
" Ní gá ach ainmneacha ar nós Ferguson nó Keane, Abramovich nó Drogba a lua agus glactar leis go dtuigeann chuile dhuine cé atá i gceist, cén club lena mbaineann siad, céard a itheann siad don bhricfeasta ar maidin! Nach mbeadh sé iontach dá dtarlódh sé uair amháin ar an "Late Late Show", cuir i gcás, go mbuafadh duine sa lucht féachana dhá thicéad go Old Trafford, nó a leithéid de dhuais, agus go ndéarfaidís le Pat Kenny iad a thabhairt do dhuine éigin eile ar an ábhar nach raibh aon suim acu dul ann.
an lucht éisteachta the audience
" ***AÓF: Cén bealach a phiocann sibh an *repertoire* a sheinneann sibh?***CNicG: Úsáideann muid portanna atá ar eolas ag an lucht éisteachta de ghnáth, seanphortanna.
dá lucht féachana líonmhar to their large audience
" Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.
lucht féachana audience
" Thaispeáin sé sleamhnáin don lucht féachana a léirigh na hainmhithe agus na héanacha a bhí le fáil ann agus mhínigh sé dóibh go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú ar $3 an t-acra.
lucht féachana viewing audience
" Go tobann, bhí lucht féachana ag an gcluiche seo taobh amuigh de na bailte beaga tionsclaíocha inar imríodh é.
lucht féachana níos leithne a wider audience
" Bhí siad ag iarraidh lucht féachana níos leithne a tharraingt isteach.
iarradh ar an lucht féachana the audience was told
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
an lucht féachana a mhéadú, to increase the audience,
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
do lucht éisteachta nua, to a new audience,
" Bhíos ag iarraidh an mothúchán agus an ceol sin a léiriú go soiléir do lucht éisteachta nua, daoine nár chuir suim sa sean-nós roimhe seo b’fhéidir, agus shocraigh mé go mba mhaith an rud é ceol a chur leis na hamhráin.
sa lucht féachana! in the audience!
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
lucht féachana. audience.
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
gur chuid den dráma iad, that they were part of the audience,
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
an lucht féachana, (of) the audience,
" Ní dhéanann Collins na teachtaireachtaí a shá síos scornach an lucht féachana, ach tá siad ann, séimh agus macánta.
lucht féachana audience
" Beidh an lucht féachana ag breathnú ar pé clár is maith leo ag pé am is mian leo.
mar lucht éisteachta as an audience
" Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin? Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna.
don lucht féachana ó thuaidh. to the audience in Northern Ireland
" Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh.
lucht féachana ní ba dheacra fós an even more difficult audience
" Bhí lucht féachana ní ba dheacra fós acu an dara huair a tháinig mé orthu.
mheall sé lucht féachana an-ard. it attracted a large audience
" ’” Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar “Work Experience” an-dearfach agus mheall sé lucht féachana an-ard.
os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí. in front of an audience full of Irish speakers
" Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí.
lucht féachana mór big audience
" Roimh i bhfad bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scannán beag Éireannach seo lucht féachana mór a mhealladh chun na bpictiúrlann le hé a fheiceáil.
lucht éisteachta audience
" Bhí go leor daoine sa lucht éisteachta a d’éist le rac-cheol amháin go dtí sin ach a shíl go raibh an ceol a bhí againne *cool* go leor dóibh.
lucht éisteachta audience
" Ar an 27 Lúnasa, labhair an t-iaruachtarán Bill Clinton agus John Kerry, agus ar an 28 Lúnasa, ar ndóigh, labhair an t-iarrthóir é féin, Barack Obama, os comhair lucht éisteachta de 87,000 duine in Mile High Stadium, staidiam na foirne peile The Denver Broncos.
lucht féachana audience
" Is ag an am seo den bhliain a bhíonn amharclanna ag mealladh na sluaite chun amharc agus freastal ar an ‘panto’ agus is cinnte go bhfuil an gliondar céanna ar lucht féachana an lae inniu is a bhí ar an chéad dream a d’fhreastail ar gheamaireacht siar sa mhéanaois.
lucht féachana audience
" Tá 200 sampla de bhaill choirp le feiceáil ann chomh maith leis na marbháin, iad nocht ar bhealach a bhainfeas geit asat – is beag craiceann atá orthu gan trácht ar éadaí – agus iad ris, faoi réir don lucht féachana fiosrach.
spriocmhargaidh target audience
" fm mar tá tuiscint mhaith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh.
lucht éisteachta audience
" “Revelations” an píosa deireanach a rinne siad a bhí beagnach daichead bomaite – arís gairid go leor – ach arís mhothaigh an lucht éisteachta go bhfuair siad luach a gcuid airgid – mé féin ina measc (bhuel níor chaith mé ach cúig euro).
lucht féachana audience
" Seó ana-dheas, bíonn lucht féachana ana-mhór, bíonn ana-chuid daoine ag caint mar gheall air.
lucht éisteachta audience
" Mhínigh sé in agallamh a thug sé, i ndiaidh dó an comórtas a bhaint, go bhfuil an obair cosúil le cur i láthair ceoil - maireann sé i gcuimhne an oirfidigh agus an lucht éisteachta ar aon.
lucht éisteachta audience
" Whenever I’m in Liverpool I never feel too far away from home - which I’m not !”* a dúirt Roddy Doyle leis an lucht éisteachta, ar leantóirí dá chuid a bhformhór, sa Chasa club.
lucht féachana audience
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
lucht féachana audience
" Súnn sé an lucht féachana isteach sa chomhcheilg chruthaitheach lena chois.
lucht féachana an audience
" Dúirt stiúrthóirí an chomórtais, agus iad ag míniú na gcúiseanna a bhí acu leis an chomórtas a thabhairt amach as Londain, go raibh siad dóchasach go meallfadh an taispeántas lucht féachana níos fairsinge agus níos éagsúla ach é a bheith le feiceáil i gcathracha difriúla.
an lucht féachana of the audience
" Cluintear glórthaí réamhthaifeadtha an lucht féachana ag cur a mbuairt in iúl i gcogar ag an am céanna – fuaimeanna agus radhairc, a chuirfeadh sceitimíní ort.
an lucht féachana of the audience
" Roghnaíodh iad, is cinnte, mar gur beirt iad a mhúsclódh comhbhá an lucht féachana.
lucht éisteachta attendance, audience
" Bhíodar an-mhaith ag spreagadh rannpháirtíocht an lucht éisteachta.
lucht féachana audience
lucht féachana na hiarnóna the afternoon audience
" ==== Agus mé sa scuaine ar thráthnóna seolta in Éirinn d’obair Terrence Malick, *‘The Tree of Life’,* siúd chugainn ón bpictiúrlann amach lucht féachana na hiarnóna.
lucht féachana audience(s)
" Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
Lucht Féachana audience
" Scuainí de Lucht Féachana ============= Is é buaicphointe an taispeántais an phortráid álainn a rinne da Vinci de Cecilia Gallerani, An Bheantiarna leis an Eirmín, agus in ainneoin gur i 1490 a rinneadh é, tá cuma loinneartha úr air go fóill.
lucht éisteachta audience
" Lios Tuathail 07 ====== **CNíA**: Agus chuireas glaoch ar mhuintir na féile i Lios Tuathail, mar bhíos ag smaoineamh go díreach ar chéard é atá i Sunday Miscellany, cén cinéal scríbhneoirí, cén cinéal lucht éisteachta, cén cineál físe atá aige mar chlár agus is dóigh le léiritheoirí éagsúla anuas tríd na blianta, tá físeanna éagsúla i gceist cé go bhfuil an rud bunúsach céanna ag tarlú an t-am ar fad ó 1968.
an lucht féachana audience
" De ghnáth anois, bíonn an lucht féachana ag faire ar ghníomhaíochtaí na n-imreoirí ar shruth beochraolta ach taistealaíonn sluaite móra chuig na himeachtaí seo freisin.
lucht féachana audience
" Agus ní orm amháin a tháinig leisce chun imeachta air i measc lucht féachana ‘Melancholia’ i mBré Chill Mhantáin an oíche fá dheireadh.
sinne, an lucht faire comhpháirteach us the complicit audience
" Ann a chlaochlaítear iad, agus sinne, an lucht faire comhpháirteach** - na gliúcaithe, b’fhéidir? - in éineacht leo.
lucht féachana audience
" Is áiteamh dlisteanach ildaite é Birdsong a thugann geallúint don lucht féachana go mbeidh siad in ann 1914-18 a thuiscint fé dheireadh má éistíonn siad go géar leis an mbeirt speisialta sin, Stephen agus Isabelle, a iompaíonn an scéal dólásach ó thús go deireadh.
an lucht féachana audience
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
beireann an lucht féachana barróg cheanúil air the audience are captivated by him
" Má tá Markus as a mheabhair le grá do Natalie, beireann an lucht féachana barróg cheanúil air siúd.
dtarraingeodh sé lucht féachana it’d draw an audience
" Ní haon ealaín mhór é (gáire), ach é a dhéanamh go maith, le aisteoirí maithe, Gaeilge mhaith, go dtarraingeodh sé lucht féachana, go háirithe an dream óg.
lena lucht éisteachta to his audience
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
lucht éisteachta audience
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
lucht éisteacht/féachana audience
" **SMM: An mbeadh sé fíor a rá gur seirbhís do na fíréin é Raidió na Gaeltachta agus nach bhfuil TG4 dírithe ar an lucht éisteacht/féachana céanna; go bhfuil sibhse dírithe ar mhuintir na fíor-Ghaeilge agus go bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge?** ENíCh: Is dóiche go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 dírithe ar lucht féachana agus lucht éisteachta na Gaeilge sa tír, ach dar ndóighe, is féidir le daoine ar beagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilg a bheith ag breathnú ar ghléas teilifíse.
cuireann an scéal sin draíocht ar an lucht féachana that really catches the audience
" Dúnmharú Rhys Jones ========== Agus cuireann an scéal sin draíocht ar an lucht féachana.
le chéinne a choinneáil leat in order to keep your audience
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
ag gríosadh an lucht éisteachta inciting the audience
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta the audience would perceive the effect all the more
" Dá bhféadfaí ceisteanna fíorchasta a ghiorrú le háilleacht, is ea is mó an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta.
an lucht féachana the audience/ spectators
" Thug an lucht féachana, Meiriceánaigh gheala cuid nach beag acu, íde na muc is na madraí do Smith agus Carlos agus iad ar an bpóidiam agus cuireadh abhaile an bheirt acu ar an bpointe.
Táid sa lucht féachana they’re among the audience
" Táid sa lucht féachana ag ceolchoirm mhór le protégé phianó Anne.
gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta the audience were not part of it
" Thosaigh Lehane le luas mall tomhasta ar dtús, beagnach amhail is gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta.
teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta make contact with the audience
" “Rinne mé seó i dteach duine in Inis cúpla seachtain ó shin,” ar sí, ag gáire, “ach tá an National Concert Hall déanta agam agus bhí áiteanna i Nua-Eabhrac a bhí sách mór ach is cuma liom cá hait a mbím a fhad is gur féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta, caidreamh a chothú leis na daoine a chuir stró orthu féin theacht amach le mé a fheiceáil.
atá intuigthe ag lucht féachana it is understandable to audience(s)
" Scigamhrán is ea Gangnam Style agus tá an físeán bunaithe ar mheascra radharcanna atá ina scigaithris ar fhíseáin popcheoil agus mar gheall air seo atá intuigthe ag lucht féachana timpeall an domhain.
an lucht éisteachta the audience
" Bhí an lucht éisteachta in ucht agus in ascaill a chéile, rud a chuir le sprid na hoíche.
ag breathnú ar an lucht féachana looking at the audience
" **CF: Bhí tusa conspóideach, nach raibh, mar labhair tú amach?** CAB: Bhuel, is dócha má bhíonn tú ag breathnú ar an lucht féachana, bhí gach duine sásta le gach rud a dúirt gach duine seachas an méid a dúirt Dinny.
lucht féachana atá á mhealladh agat audience you’re attracting
" Má tá tú ag féinóstú AGUS ag roinnt ar na gréasáin, ní gá an teideal céanna a úsáid, ag brath ar an lucht féachana atá á mhealladh agat.
sa lucht éisteachta in the audience
" Bhí daoine sa lucht éisteachta a bhí i gcoinne phróiseas forbartha na hEorpa ón tús – ’sé sin ón chéad mórdhíospóireacht i 1972 agus ón chéad lá d’Eanáir 1973, nuair a ghlac muid lenár suíochán ag bord an EEC, mar a bhí ag an am; bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig ó shin – i gcoinne Chonradh Maastricht, i gcoinne an nasc idir an £ Éireannach agus an £ Sterling a bhriseadh agus i gcoinne thionscnamh an Euro féin.
dtuigfeadh formhór lucht féachana TG4 most of the TG4 audience would understand
" Déarfainn go dtuigfeadh formhór lucht féachana TG4 na leaganacha cainte a úsáidtear go coitianta ar an aer, na samplaí thuasluaite san áireamh.
lucht féachana audience
" Is annamh a thugtar aon threoir don lucht féachana.
a chuireann iachall ar an lucht féachana which forces the audience
" Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta.
le lucht éisteachta a mhealladh of captivating an audience
" Bhí guth den chéad scoth aici agus, anuas air sin, bhí dóigh ghleoite aici le lucht éisteachta a mhealladh.
bhfiafraíodh an cainteoir den lucht féachana the speaker would ask the audience
" Is minic le cúpla bliain anuas nuair a bhínn ag cur i láthair faoi thábhacht gléas soghluaiste go bhfiafraíodh an cainteoir den lucht féachana, ‘cé a d’imeodh as baile gan fóin póca?’ Ní bhíodh riamh aon duine i láthair a bheadh sásta a leithéid a dhéanamh.
lucht éisteachta audience
" D’inis sé don lucht éisteachta go gcothaíonn FPW malairtí do chaismirt foréigneach ar fud an domhain: san Afraic, sa tSiria, gach áit a bhfuil gá leis: *“We believe that there is an alternative to violent conflict.
rud a bhíog croí an lucht féachana something which woke up the audience
" Roghnaigh Schama agallamh corraitheach le Sigmund Freud ar an mBBC ó 1938 mar sheoladh isteach don chéad chlár aige, rud a bhíog croí an lucht féachana.
leath den lucht féachana half of the audience
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
lucht freastail na Féile festival audience
" Ligtear seomraí is arasáin ar cíos ar phraghsanna seafóideacha agus déantar brabús maith as rothair a chur ar fáil do lucht freastail na Féile ar an oileán a dtugtar Lido air.
den lucht féachana from the audience
" Níor éirigh le duine den lucht féachana aon athraithe a aimsiú.
le haird an lucht féachana a dhíriú ar ais to draw the audience’s attention back
" Sin ráite, bíonn fáil ar amhránaithe sean-nóis de chuid na cathrach le linn na hoíche le haird an lucht féachana a dhíriú ar ais ar an tsaíocht Ghaelach dhúchasach.
i gcuimhne don lucht féachana reminds the audience
" Iarmhar na Místhuisceana ========== Míníonn Mulligan dúinn go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil cinnte le linn an imeachta; go mbíonn dánta Gaeilge á n-aithris agus go mbíonn cluastuiscint Ghaeilge ann mar chomórtas iorónta a chuireann Gaeilge na hardteiste i gcuimhne don lucht féachana.
an lucht éisteachta the audience
" Tháinig duine de na peileadóirí agus labhair linne, an lucht éisteachta, ag cáineadh rialtas na Iosraeile agus dúirt: “*No state has a right to annex foreign territory but because every expansion is an experiment to discover how much more aggression the world will tolerate.
lucht féachana audience
" Thosaigh an lucht féachana – cúpla céad duine - ag siúl ina gcuideachta, muidinne Caitlicigh, Protastúnaigh ag mórshiúl gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh .
lucht éisteachta audience
" Ina dhiaidh sin amach - nuair nach raibh sé ag cur sneachta - bheadh slua mór daoine ag an phub, ceoltóirí agus lucht éisteachta, Martin Green ó Lau ina measc ach chinn Úna ar an cheol thraidisiúnta Éireannach a chur chun cinn san ollscoil fosta, ag déanamh ceadail uair sa téarma in áit a bhí ag cur thar maoil le ceol clasaiceach.
an lucht féachana audience
" "Ba léir go raibh na ceoltóirí ag seinm ceoil a bhí ina gcroí, rud a thuig an lucht féachana go láidir ar an oíche.
An lucht éisteachta ag teannadh isteach the audience piling in
" An lucht éisteachta ag teannadh isteach agus mise i mo leibide gan leabhar.