Ar ndóigh, tír ar bith atá ag iarraidh dul chun chinn a dhéanamh, tá sé riachtanach go mbeidh a dhóthain daoine den scoth á mealladh le saothrú airgid
a chur ar athló ar feadh roinnt blianta agus dul i mbun cúrsaí oiliúna ag an tríú leibhéal, sa gcaoi is go mbeidh, amach anseo, soláthar dóthaineach dochtúirí, innealltóirí, eolaithe, cuntasóirí, dlíodóirí, múinteoirí agus saineolaithe eile ann le freastal ar riachtanais na tíre.