Tá Kutlug Ataman, as Istanbul ó dhúchas, ar an ghearrliosta mar gheall ar a scannán *Twelve*, ina bhfuil cur síos ar chúigear fear agus bean amháin, a chreideann in athionchollú, roimh agus i ndiaidh a mbáis.
Táimid níos cleachta le hathionchollú an scéil, mar atá, an ceoldráma *My Fair Lady* ina raibh Audrey Hepburn agus Rex Harrison agus d’ainneoin an móréileamh air siúd, tá sé suimiúil nár léiríodh an dráma in Amharclann na Mainistreach riamh roimhe seo.