Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
Bhí súil ag Barka le os cionn trí chéad cuairteoirí, trí chéad duine a mbeadh a mboilg tollta leis an ocras, a gcuid lámha ataithe leis an bhfuacht, a n-éadain chomh righin le leathar tar éis chruatan na haimsire.