Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí náire mhór orm I was really ashamed
" Bhí Béarla líofa agam ach ní féidir liom a rá go raibh mé iontach sásta leis sin - bhí náire mhór orm gan a bheith ábalta aon fhocal Gaeilge a labhairt.
Bhraith mé gur chúis náire é I felt it was a reason to be ashamed
" Bhraith mé gur chúis náire é a bheith dhá bhomaite mall ag casadh le Pádraigín Ní Uallacháin.
údar náire reaon to feel ashamed
" Tá beagnach gach cluiche idir-chontae le feiceáil ar an teilifís anois agus is údar náire agus imní an méid eachtraí atá ag tarlú i gcluiche i ndiaidh cluiche.
an t-ábhar náire the reason to be ashamed
" Má tá dúshlán dáiríre uainn, cad faoin leibhéal scannalach bochtanais i measc na bpáistí sa tír seo - is é sin an t-ábhar náire is mó agus is measa dá bhfuil againn fós.
údar náire reason to be ashamed
" Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann.
chúis aiféaltais reason to feel ashamed
" Ní raibh a fhios againn, ár ndóigh, gur chúis aiféaltais muid do Rialtas na hÉireann! *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
chúis náire reason to be ashamed
" Bhí an méid sin suilt agus tairbhe bainte amach agam as na scoileanna samhraidh gur rith sé liom gur chúis náire é nach raibh rud éigin á dhéanamh ar son na teanga anseo i Sydney, an chathair is mó sa tír.
cúis náire reason to be ashamed
" Is cúis náire do mhuintir Learphoill go bhfuil formhór na ndaoine dubha sa chathair ina gcónaí i gceantar amháin, is é sin, Learpholl 8 nó Toxteth.
náirithe ashamed
" Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche.
cúis náire a reason to feel ashamed
" Tá sé íorónta gur bunaíodh an chathair is Gaelaí i Sasana mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn í féin!cúis náireIs cúis náire do Learpholl gur ghnóthaigh sé saibhreas ollmhór as an daoirse.
fágadh iad náirithe they were left embarressed, ashamed
" Is mian leo smacht iomlán a bheith acu, de ghnáth, de bhrí gur tharla drocheispéireas dóibh ina saol roimhe seo a raibh baint aige le cúrsaí gnéis agus fágadh iad náirithe dá bharr.
a bhfuil náire orthu who are ashamed
" É sin ráite, tá go leor Astrálach ann chomh maith a bhfuil náire orthu as an ról a bhí ag an tír seo san fhadfhulaingt agus sa léirscrios a tharla – agus atá ag tarlú fós – san Iaráic.
go raibh ceann faoi uirthi that she was ashamed
" 7% den vóta), ach ní hé go raibh ceann faoi uirthi i ndiaidh an eispéiris ar fad.
náire uirthi she (was) ashamed
" Dúirt sí fosta go raibh náire uirthi nach raibh Gaeilge aici, agus í san Ísiltír.
Tá náire orainn we're ashamed
" Tá náire orainn gur gá dúinn cúnamh a lorg.
is údar náire it’s a reason to be ashamed
" Léiriú é ar a charachtar is dóigh go bhfuil an grianghraf áirithe sin sa leabhar aige nuair is údar náire agus aiféala aige ó shin gur thug sé droim láimhe dá bhainisteoir.
náirithe ashamed
" Cuireann sé m’uncail lá Chluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i gcuimhne dom; an teirmeas, an cáca baile, an t-im agus an punt liamháis caite in airde ar dhíon an chairr aige, é ag baint suilt as a chuid, fear chéile a dheirfiúr taobh leis, náirithe, ag guí nach bhfeicfeadh sé duine ar bith dá lucht aitheantais.
Ní ligfeadh an náire dom I’d be ashamed to
" Ní ligfeadh an náire dom iad a dhiúltú.
Is údar náire dúinn we’re ashamed
" Is údar náire dúinn gur san Astráil a chuaigh níos mó ná leath na mamach ar an domhan in éag le dhá chéad bliain anuas, mar a míneodh ar an iris seo (Eagrán 98, Meitheamh 2009).
seachas a bheith náireach as rather than being ashamed of
" Tháinig an-bhorradh faoin tsuim atá ag muintir na hAstráile i gcúrsaí ginealaigh le blianta anuas agus bíonn daoine fíorbhródúil nuair a thagann sé chun solais go raibh sinsear acu ina dhaoránach, seachas a bheith náireach as an smál breithe mar a bhítí.
bhí oiread náire uirthi she was so ashamed
" Bean de mhuintir na Gaeltachta inár gcuideachta, bhí oiread náire uirthi is nach dtáinig an chaint léi i gceart go dtí gur bhain muid an baile amach.
mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine the wild geese would be ashamed to the world
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
Bhí náire an domhain orm I was completely ashamed
" Bhí náire an domhain orm mar go raibh mé ag rá “Cad?” níos mó ná aon fhocal eile in gach aon chomhrá.