Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cóiriú arrangement
" Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do stáisiúin tráchtála raidió.
socruithe mídhleathacha illegal arrangements
" Fág as an áireamh na polaiteoirí a sheas siar agus a dhruid a súile cé go raibh a fhios acu go raibh gaimbíneachas i gceist agus go raibh socruithe mídhleathacha á ndéanamh ag a gcairde.
cóiriú arrangement
socrú arrangement
" Ag deireadh an lae, áfach, bhí ar Éirinn glacadh leis an socrú, agus ghlac sí leis.
socrú sealadach teoranta a limited temporary arrangement
" Bhí a fhios acu go maith go raibh deireadh ag teacht leis: socrú sealadach teoranta a bhí ann riamh, agus an t-aon argóint atá ann ná ar chóir deireadh a chur leis i mbliana nó an bhliain seo chugainn.
cóiriú arrangement
" AÓF: Má tá baill an bhanna ina gcónaí in áiteachaí difriúla conas a eagraíonn sibh an ceol agus an cleachtadh? Cé a dhéanann an cóiriú ar an gceol? DNíS: Roimh thuras a dhéanamh bailimid le chéile i Philadelphia chun cleachtadh a dhéanamh.
socrú arrangement
" Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós san áireamh suas go dtí mí Iúil.
socrú arrangement
" De thairbhe socrú a rinneadh i 1990, caithfidh aon iascaire atá ag lorg ceadúnais le haghaidh bád nua tonnáiste agus each-chumhacht inneall an bháid nua a bheith aige roimh ré.
comhshocrú common arrangement
" Agus tá ráitis ag teacht ón DUP fán ghá atá le comhshocrú idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a thionscnamh.
socrú arrangement
" Cén duine a dtiocfadh leis maireachtáil dhá bhliain in aon tír ach amháin an duine a shiúlfadh isteach i bpost a bheadh socraithe roimh ré? Is léir go bhfuil an socrú seo i gcoinne na fealsúnachta a deir gur cheart go mbeadh cead ag saoránaigh an Aontais bogadh thart de réir mar a oireann sé dóibh é sin a dhéanamh.
socrú arrangement
" "Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile.
socrú neamhoifigiúil unofficial arrangement
" Chomh maith le praghas talaimh a choimeád ard, chiallódh socrú neamhoifigiúil mar seo go mbeadh sé an-deacair ag údaráis áitiúla talamh a cheannach le tithe sóisialta a thógáil air.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí líon mór cúraimí ar Jane - socruithe taistil a dhéanamh do a lán daoine, mar shampla.
cóiriúcháin arrangement
" AÓF: Tá cuid mhaith den albam simplí go leor ó thaobh cóiriúcháin agus léiriúcháin de, nach bhfuil? An aontódh sibh liom ansin? MÓR: D'aontódh cinnte.
socrú sásúil a satisfactory arrangement
" Ina dhiaidh sin, bhí deoraithe ábalta pilleadh abhaile agus a dtithe a fháil ar ais, cé go raibh orthu socrú sásúil a dhéanamh do na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu.
cóiriú arrangement
" Nuair a chuala mé cúpla taifeadadh dá chuid féin, d'iarr mé ar Alan mo dhiosca a léiriú agus an cóiriú a dhéanamh.
socruithe arrangements
" Ach ní mór a mheabhrú go raibh socruithe á ndéanamh ceithre bliana ó shin le comhlacht poiblí a dhéanamh d'Aer Lingus.
an socrú ceannann céanna the exact same arrangement
" Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.
Socrú scaoilte a loose arrangement
" Socrú scaoilte a bhí i bhfeidhm go dtí seo.
socrú arrangement
" An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
réiteach arrangement
" Ach is i lámha an Rialtais a bhí, agus atá, réiteach na faidhbe.
socrú arrangement
" Fhad is a thógfaidh sé an socrú seo a réiteach, beidh ar mhná Dhún na nGall an turas fada go Baile Cliath a dhéanamh nó caithfidh siad cinneadh a dhéanamh obráid a bheith acu.
socrú arrangement
" (I bhfírinne, ní clár Shinn Féin amháin atá ann ach an socrú a rinneadh idir na páirtithe uilig – seachas an DUP – ar an 10 Aibreán 1998, ar a dtugann muid Comhaontú Aoine an Chéasta.
socruithe arrangements
" Cuireadh tairne eile i gcónra Phádraig Uí Fhloinn, an tIaraire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a rinneadh iniúchadh ar na socruithe a rinneadh leis an chomhlacht National Toll Roads (NTR), atá i gceannas ar dholadhroichead an M50.
socraithe arrangement
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
socruithe arrangements
" Ina ndíograis chun cumhachta, caithfidh Sinn Féin a bheith an-chúramach cad iad na socruithe a dtabharfaidh siad a dtacaíocht dóibh.
socraithe arrangement
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
socruithe arrangements
" Ina ndíograis chun cumhachta, caithfidh Sinn Féin a bheith an-chúramach cad iad na socruithe a dtabharfaidh siad a dtacaíocht dóibh.
socruithe arrangements
" Chun áiteanna deasa a fháil, bíonn orainn na socruithe a dhéanamh timpeall bliain roimh ré.
socruithe arrangements
" Chun áiteanna deasa a fháil, bíonn orainn na socruithe a dhéanamh timpeall bliain roimh ré.
faoi shocruithe praiticiúla about practical arrangements
" Tá ceisteanna ann fosta faoi shocruithe praiticiúla.
léiriú agus coiriú nua performance and new arrangement
" Le déanaí, rinne an t-amhránaí agus cumadóir Tim Dennehy “Cumha” a aistriú go Béarla agus beidh léiriú agus coiriú nua den amhrán ag Mary MacPartlan, in éineacht le Con Tempo, i mír de chuid Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana.
bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh I enjoyed doing the arrangements
" Tá triúr amhránaithe iontacha agam air, Deirdre Scanlan, Mick Scanlan agus Nóra Butler, agus bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh ar an tionlacan dóibh.
gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith that you gave a great deal of thought to the arrangement
" ***AÓF: ***Maidir leis an gceol ar an albam, is léir gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith.
lena leithéid de shocrú with such an arrangement
" Bheadh deacracht ag Pat Rabbitte lena leithéid de shocrú, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh air dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne.
socrú arrangement
" Is féidir leat é a fheiceáil má dhéanann tú socrú roimh ré.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
an cóiriú the arrangement
" Bhí Mícheál agus Dáithí in ainm is an t-amhrán a chanadh ach d’athraigh siad an cóiriú agus mheas siad go mbeadh sé níos fóirsteanaí do Mhaighread.
socruithe tórraimh funeral arrangements
" Mhol na dochtúirí do mo mhuintir dul abhaile agus socruithe tórraimh a dhéanamh.
an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana the arrangement that should have been made this year
" Dá réir sin, an socrú ba cheart a bheith déanta i mbliana ná Luimneach v Cill Chainnigh, Port Láirge v Loch Garman, Laighin i gcoinne na Mumhan.
cóiriú arrangement
" AÓF: Tá cóiriú déanta ar chuid de na hamhráin ar an albam.
an coiriú the arrangement
" Rian amháin atá suntasach ná an coiriú atá déanta ar dhán dar teideal “Faoiseamh a Gheobhadsa” de chuid Mháirtín Uí Dhireáin, file arbh as Oileáin Árainn ó dhúchas dó.
le teacht ar shocrú to come to an arrangement
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
socrú arrangement
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
an socrú dlí a shíniú, to sign the legal arrangement,
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
gur chaill sé smacht ar chóiriú an cheoil. that he lost control on the arrangement of the music
" Deir Lunny nach raibh aon taithí aige ar a bheith ag obair le rac-cheoltóirí ag an am agus gur chaill sé smacht ar chóiriú an cheoil.
socruithe arrangements
" Chuirfeadh Conradh Liospóin deireadh leis an gcrosadh nó an *veto*, mar a thugtar air go hiondúil, i 60 réimse ina bhfuil sé i bhfeidhm faoi láthair, crosadh atá an-tábhachtach chun stop a chur le rialacha, dlíthe nó socruithe nach lenár leas iad.
socruithe taistil travel arrangements
" Bhí an turas go Manainn déanta agam cúpla babhta cheana ar an eitleán ach ó tharla seirbhís báid as Baile Átha Cliath a bheith ann sa samhradh, agus mise a bheith ag cuimhneamh ar an lorg carbóin a d’fhágfainn i mo dhiaidh, shocraíos dul i dteagmháil leis an Isle of Man Steam Packet chun na socruithe taistil a dhéanamh.
socrú arrangement
" Mhol sé fosta go bhfeadfaidís socrú a dhéanamh le comhlachtaí guthán póca le “Focal Ultaise an Lae” a chur ar fáil.
cóiriú den scoth a magnificent arrangement
" Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
socrú arrangement
" Bhí socrú déanta aici go gcuirfeadh sí glaoch orainn an tráthnóna sin toisc go raibh dea-scéala aici dúinn.
Atheagar re-arrangement
"Atheagar na nEagraíochtaí Gaeilge ============== Má tá polaiteoirí Aontachtacha ag iarraidh níos mó eagraíochtaí Ullanaise a bhunú, a mhalairt atá fíor ó dheas agus iar-Aire na Gaeltachta, Éamon O Cuív, ag moladh go gcuirfí deireadh le cuid mhór de na heagraíochtaí Gaeilge.
eagar arrangement
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
leagan amach an arrangement
" Cóiríonn de Caires Taylor ansin iad ar dhóigheanna suimiúla - fear ar rothar, fágaim, nó ciorcal figiúirí ina seasamh agus greim acu ar lámh a chéile – leagan amach a ligean do thumadóirí mara snámh thart timpeall orthu go furasta agus a ligean don solas ón bharr bualadh go haislingeach orthu.
Socrú arrangement
" Socrú maith a bhí ann do ghnó Houlding, ach ba dhrochrud do shlánú agus do shláinte na n-imreoirí agus dá lucht tacaíochta.
socruithe arrangements
" Nua Gach Bia ======= Ach a luaithe is a bhíonn an Beaujolais Nouveau thart, tosaítear láithreach ar na socruithe don Nollaig.
d’eascródh as na socruithe seo would issue from these arrangements
" Agus ar ndóigh bheadh uirthi aon chinneadh a d’eascródh as na socruithe seo ar fad a chur ina luí ar a muintir féin sa Ghearmáin.
i mionsonraí an tionlacain in the minor arrangements of the backing
" Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.
leas a bhaint as an socrú seo to make use of this arrangement
" Bhí siad ábalta leas a bhaint as an socrú seo ó thaobh cosaint spioradálta de agus dheimhnigh an saothar eaglaise a chruthaigh ealaíontóirí ar a son nach amháin gur éarlaimh chumhachtacha a bhí iontu ach go raibh siad fosta tábhachtach go leor le cur san áireamh i bpictiúir naofa.
socruithe arrangements
" Mhaígh na breithimh fé dheireadh ná féadfaidís cead a thabhairt do Marie Fleming socruithe a dhéanamh deireadh a chur lena saol le cabhair sheachtarach gan daoine leochaileacha eile sa chomhphobal a chur sa bhearna bhaoil.
socrú rialála atá de dhíth a regulation arrangement is needed
" Ar ndóigh, scéal casta é seo agus ní socrú teicneolaíoch nó socrú rialála atá de dhíth.
socraithe speisialta special arrangements
" (Beidh socraithe speisialta á ndéanamh le trí eagraíocht a airgeadú: Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Áisionad a sholátharaíonn áiseanna teagaisc trí Ghaeilge do scoileanna i dTuaisceart Éireann).
an socrú sin that arrangement
" Dúirt urlabhraí an CLG go mbeadh dhá stoirm cheoil aige sa cheanncheathrú agus bhí gach duine sásta, a bheag ná a mhór, leis an socrú sin.
nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach so the latest arrangement is just a break
" Ar an drochuair, tá bunfháthanna níos doimhne taobh thiar den chliseadh agus tá an baol ann nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach sos.
socruithe neamh-iniompartha unsustainable arrangements
" Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.
Réiteach eile galánta go leor another fine enough arrangement
" Réiteach eile galánta go leor ná (SticknFind)(http://www.
socruithe taistil travel arrangements
" An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá.