“Thuas ansin san áit ar chóir domhsa a bheith, sin é Uncle Gaybo atá anseo le súil a choinneáil ar an trácht, le cinntiú nach siúlann aon duine de na saighdiúirí a bheas as céim amach os comhair tanc nó carr iarnaithe.
Bíodh is go bhfuil an teideal Not Just Ned aige, níl aon amhras ach gurb é an chathéide a chaith an ceathrar ball de dhrong an Cheallaigh an déantán is mó díol spéise ag na cuairteoirí.
“Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.