Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach
aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.