Siamsaíocht d'ardchaighdeán
entertainment of a high standard
•
Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
ardchaighdeán
high standard
Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghúm?
Cuireann an Gúm leabhair ar
ardchaighdeán ar fáil.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Tá meáin neamhspleácha mar an *Irish Times* de dhíth ar phobal na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh saol lucht labhartha na teanga níos boichte mura mbíonn na hacmhainní ag Raidió na Gaeltachta chun seirbhís
ar ardchaighdeán a sholáthar.
ar ardchaighdeán
of a high standard
"Má bhíonn dráma á léiriú againn, beidh muid ag súil go mbeidh béile blasta
ar ardchaighdeán ar fáil in Óstán Loch Altan, go mbeidh piontaí á n-ól i dTigh Bhillie ag an bhriseadh agus go mbeidh lóistín
ar ardchaighdeán sna tithe lóistín áitiúla do na haisteoirí agus do na cuairteoirí.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Cé gur míbhuntáistí iad na tréithe sin nuair a bhíonn grianghrafanna
ar ardchaighdeán á lorg, is buntáiste é go mbíonn na comhaid ina stóráiltear na híomhánna réasúnta beag agus gur féidir iad a sheoladh thar an idirlíon gan mórán stró ansin.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Tá an t-ádh linn go mbíonn múinteoirí
ar ardchaighdeán againn gach bliain.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Fiú nuair ná fuil daoine glan i gcoinnibh na teangan, is minic is deacair dhóibh géilleadh go bhféadfadh earraí Gaelacha a bheith praiticiúil, nó fiúntach, nó
ar ardchaighdeán.
ardchaighdeán
high standard
Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá
ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Níl aon bhéim dháiríre curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar bhóithre
ar ardchaighdeán i gConamara, agus beidh dris chosáin roimh mhuintir Charna nó go gceartófar an t-easnamh sin.
a éilíonn ardchaighdeán ionracais
which demands high standards of honesty/integrity
Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche
a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
ardchaighdeán
high standard
Cén fáth ar bunaíodh é?
Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar
ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Na laethanta seo tá fidilí atá
ar ardchaighdeán ag teacht ón tSín! Ceannaíonn muid seanfhidilí ag ceantanna nuair is féidir linn.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Toisc gur féidir eolas a scaipeadh ag luasanna suas go dtí 400 Mbit/s le FireWire, tá sé indéanta físghabháil
ar ardchaighdeán a dhéanamh in am réasúnta gairid.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá?
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta
ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
ardchaighdeán craoltóireachta
high standard of broadcasting
Caithfear leanacht den
ardchaighdeán craoltóireachta atá ag an tseirbhís faoi láthair agus den réimse fairsing ábhar craoltóireachta.
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán
communications skills of a high standard
Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
ar ardchaighdeán
at a high standard
Tá an Dioplóma ar siúl faoi láthair i Maigh Eo ach tá súil agam go mbeidh níos mó cúrsaí Gaeilge
ar ardchaighdeán á gcur ar fáil do phobal Mhaigh Eo ina gcontae féin.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Bhíodh sé an-fhuar sa gheimhreadh mar ní raibh ach tinteán amháin ann agus bhíodh tóin an mhúinteora leis an tinteán i gcónaí beagnach!”
Cé go raibh an timpeallacht míthaitneamhach go maith agus nach raibh ach beirt mhúinteoirí sa scoil, deir Seán go bhfuair sé oideachas a bhí
ar ardchaighdeán mar sin féin.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Tá daoine ag déanamh dearmaid ar an mbunaidhm atá leis an gciste seo: cláir
ar ardchaighdeán a chur ar fáil don lucht féachana ó thuaidh.
dearadh d’ardchaighdeán
a very high-standard design
Ach maíonn an tAire agus Shell gur
dearadh d’ardchaighdeán atá i gceist leis an phíblíne.
ar ardchaighdeán
at a high standard
Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil
ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
ar ardchaighdeán
at a very high standard
“Mar gheall ar fhás na Gaelscolaíochta in Éirinn, tá margadh cinnte ann anois do dhrámaí
ar ardchaighdeán do pháistí idir 5 bliana agus dhá bhliain déag.
léiriúcháin ar ardchaighdeán
productions of a very high standard
“Beidh muid ag cur iarratais isteach chuig an gCiste Craoltóireachta an tseachtain seo chugainn agus má éiríonn linn beidh an t-airgead againn le daoine a íoc sa dóigh is gur féidir
léiriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú
to create high-standard employment
Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú
to create high-standard employment
Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
ar ardchaighdeán
at a high standard
Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá
ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
ardchaighdeán teilifíse
a high standard of television
“Measann muide go bhfaigheann an pobal féachana ar an oileán, thuaidh agus theas,
ardchaighdeán teilifíse ar an airgead sin.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Shocraigh na hinnealtóirí go ndéanfaidís gluaisteán
ar ardchaighdeán ar dtús, a chruthódh go raibh an teicneolaíocht i gceart agus a mheallfadh airgead chun gluaisteáin eile a fhorbairt.
ardchaighdeán a chraoltóireachta.
the high standard of its broadcasting.
Clár teilifíse
Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as
ardchaighdeán a chraoltóireachta.
ar ardchaighdeán;
of a high standard;
Ceapann muid go mbeidh muidne ábalta é sin a dhéanamh trí na hamhráin atá againn anois, atá
ar ardchaighdeán; dar linn go bhfuil réimse ceoil níos leithne i gceist iontu ná ceol traidisiúnta amháin.
ar ardchaighdeán
of a high standard
Tá cúrsaí
ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
ar ardchaighdeán,
of a high standard,
AÓF: Cén saghas éilimh a bhí ar na leabhair agus atá anois ar na dlúthdhioscaí? An bhfuil sibh sásta leis an éileamh atá orthu? Is dóigh gur áiseanna iontacha iad do mhúinteoirí ceoil freisin?
TMU: Toisc iad a bheith
ar ardchaighdeán, tá éileamh ar na leabhair, agus úsáid á baint astu, ar fud an domhain mhóir anois.
ardchaighdeán gairmiúlachta
high standard of professionalism
Cinnteoidh páirtíocht Bob
ardchaighdeán gairmiúlachta san obair atá ar bun againn agus cuirfidh sé faobhar uirthi.
ardchaighdeán
a high standard
Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil
ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
saothair ardchaighdeáin.
works of a very high standard.
Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh
saothair ardchaighdeáin.
cláracha ar ardchaighdeán
high quality programmes
Chuir sé ar chumas léiritheoirí
cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
ardchaighdeán léiriúcháin
high standard of production
Go bunúsach, thug na lipéid luach don phróiseas taifeadta i gcúig shlí:
Go teicniúil: chinntigh siad go raibh
ardchaighdeán léiriúcháin ann.
má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí
if their children are given services of a high standard
Beidh na teaghlaigh níos báúla leis an teanga
má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí sna scoileanna agus má chruthaítear do thuismitheoirí nach mbeidh a leanaí faoi aon mhíbhuntáiste de thoradh an Ghaeilge a bheith mar theanga theaghlaigh.
ar ardchaighdeán
of a high standard
net/), feicfidh tú go bhfuil a lán bogearraí eile atá
ar ardchaighdeán ar fáil saor in aisce freisin.
d’ardchaighdeán
of high standard
Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge
d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.
d’ardchaighdeán
of a high standard
Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí
d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
ardchaighdeáin
high standard
Mar dhráma faisnéise, tá
ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
ar ardchaighdeán
of a high standard
An cur i láthair agus an tráchtaireacht, ba cheart go mbeadh siad sin
ar ardchaighdeán Gaeilge.
aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár
obtaining recognition of the high quality of programs
Éacht, gan amhras ar bith, a rinne an dream a chuir TnaG ar an aer ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus ó thaobh
aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár ó léirmheastóirí sna meáin chumarsáide.
le sonraí ardchaighdeán
with high standard of details
Seo ceamara beag bídeach
le sonraí ardchaighdeán is féidir chaiteamh ar do chloigeann agus beoshruthú a dhéanamh ar d’imeachtaí láithreach.
d’ardchaighdeán á ndéanamh
of a high standard being made
Bhíodh cláracha
d’ardchaighdeán á ndéanamh ag an Aonad Ghaeilge, ar chostas rómhór b’fhéidir, agus iad ag tarraingt lucht féachana an-mhaith: 12% - 18% den lucht féachana sa tír, agus iad in iomaíocht le Coronation St.
sruth d’ardchaighdeán a chur ar fáil
to make available a high standard stream
Rugadh sa néal é agus mar sin atá algartam cruthaithe aige a ligeann dó
sruth d’ardchaighdeán a chur ar fáil dá chuid úsáideoirí.
ardchaighdeán léiriúcháin sroichte
reached a high standard of production
In alt i 2005 (tá fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil
ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “*The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories*.
le cumas agus ardchaighdeán
with a high standard and capability
Is deargsheafóid é seo nach bhfuil ag déanamh mórán leasa don Ghaeilge, ach amháin go bhfuil sé ag tabhairt fostaíocht mhaith sa Bhruiséal do dhornán beag daoine
le cumas agus ardchaighdeán Ghaeilge.
sin comhartha ardchaighdeáin
that’s a sign of high standard(s)
Tá ainm an BBC leis agus
sin comhartha ardchaighdeáin don chuid is mó, nach ea? Agus ar ndóigh má tá rochtain ar BBC iPlayer agat is féidir breathnú ar chláracha ón gcartlann chun tuilleadh spreagadh a fháil.
scríobh ardchaighdeán
a high standard of writing
Céard is fiú léamh ardluasa muna mbraitheann tú nasc leis an ábhar? Tá seo tábhachtach i gcomhtheacs ficsin nó
scríobh ardchaighdeán go háirithe.
ag geallúint slándála d’ardchaighdeán
promising a high-standard of security
Beidh an rogha ag an úsáideoir sonraí cárta creidmheasa a fhágáil ar an ngréasán (atá
ag geallúint slándála d’ardchaighdeán) nó iad a inchur as an nua.
ardchaighdeán Gaeilge
a high standard of Irish
Tháinig Marcin Ostasz go hÉirinn ocht mbliana ó shin agus tá éirithe leis
ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach ó shin.
seirbhís ardchaighdeáin
high standard of service
Tá Pandora, Grooveshark agus iTunes scoite go maith ag Spotify,
seirbhís ardchaighdeáin atá molta go mór san alt seo ag Roseanne Smith.