Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar dualgas on duty
" Caitheann an fhoireann tarrthála uilig curghlacadóir maidhme sneachta anois nuair a bhíonn siad ar dualgas sa gheimhreadh.
ar dualgas on duty
" Bhí an balla ar a gcuimhnítear ar na póilíní a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.
ar dualgas on duty
" Tharla troid idir an slua agus an trí scór póilín a bhí ar dualgas.
ar dualgas on duty
" 250 póilín a bhí ar dualgas ag Creamfields, féile mhór ceoil damhsa a bhíonn ar siúl i Learpholl gach samhradh.
ar dualgas on duty, stationed
" Agus tús bliana nua buailte linn, tá na fir agus na mná atá ar dualgas thar lear in intinn go leor daoine anseo i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad.
ar dualgas on duty
" Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige.
ar dualgas on duty
" "Ní raibh ach beirt nó triúr ar dualgas ag an stáisiún agus ní raibh aon chóras éigeandála acu.
ar dualgas on duty
" Mar a tharla cúpla seachtain roimhe sin, bhí an rialtas tar éis diúltú d'iarratas ón Gharda Síochána go mbeadh gunnaí ag gardaí a bheadh ar dualgas lasmuigh de bhancanna.
ar dualgas on duty
" Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
ar dualgas on duty
" Ar mhaidin an 11 Meán Fómhair, bhí sé ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile tar éis an oíche a chaitheamh ar dualgas.
Laochra ar dualgas heroes on duty
" Laochra ar dualgas dá sladmháistir Slobodan Milosevic, Búistéir na mBalcán.
ar dualgas on duty
" Osclaíodh lárionad nua leighis eachaí ag Aintree díreach roimh an National agus bhí an tOllamh Chris Proudman agus seachtar tréidlianna eile ón Otharlann Eachaí in Ollscoil Learphoill ar dualgas ann.
ar dualgas on duty
" Bíonn Oifigeach Leighis ar dualgas tar éis gach rása agus déantar scrúdú leighis ar gach marcach a thiteann nuair a filleann sé nó sí ar an Seomra Meáite.
ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair. on duty in the Gibralter Straits.
" Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga le troid in aghaidh na bhfaisisteach arís agus cuireadh ar ais go dtí an Ibéir é, áit a raibh sé ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair.
ar dualgas on duty
" Arm an Chinn Comhairimh ar dualgas.
ar dualgas. on duty.
" Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
ar dualgas on duty
" Deir siad fosta go mbeidh siad ag súil lena seacht n-oiread tuarastail as bheith ar dualgas seacht lá na seachtaine, Lá Nollag san áireamh, ag cinntiú nach mbíonn barraíocht brú ar an cheoltóir cáiliúil balalaika, Johnnyeski Connolleski, a bheas ag tionlacan na ndamhsóirí.
ar dualgas on duty
" Ach ní raibh na póilíní a bhí ar dualgas an lá sin róbhuartha faoin eachtra; d'iarr beirt acu ar na dílseoirí imeacht, rud a rinne siad.
ar dualgas on duty
" Bhí siad ar dualgas le chéile i Helmand nuair a maraíodh Christopher.
ar dualgas a chaitheamh spending on duty
" Ní raibh ach sé lá fagtha aige sa tír sin tar éis sé mhí ar dualgas a chaitheamh ansin nuair a fuair sé bás in aice leis an Maor Matthew Collins.
tá dualgas ar Éirinn Ireland is obliged
" Lena chois sin, tá dualgas ar Éirinn faoin sprioc atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach gearradh siar ar na hastaíochtaí CO2 idir seo agus 2020.
ar dualgas on duty
" Bhí Harwood agus baill eile den *Territorial Support Group* (TSG) ar dualgas ag an agóid G 20, agóid nach raibh Ian Tomlinson páirteach ann.
ar dhualgas on duty
" Bíonn póilín armtha ar dhualgas nach mór i ngach ardscoil i Meiriceá, agus i gceantair ardchoiriúlachta mar Newark, NJ (nach bhfuil ach cúpla míle ó mo theach féin) ní mór brathadóir miotail a bheith i bhfearas ar gach doras le cinntiú nach dtugtar gunnaí isteach sa bhfoirgneamh.
ar dualgas stationed, on duty
" Bhí 5,000 trúpaí ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
mar dhualgas ar obliged
" Mheabhraigh sé go raibh sé mar dhualgas ar Aire na Gaeltachta a chinntiú san am a bhí le teacht go mbeadh *“the viability of new firms is much more thoroughly established by the Údarás before State funds are invested and that the Údarás, through better monitoring of the performance of existing firms, should identify at an early stage, before large amounts of scarce exchequer resources have been wasted, (on) projects lacking viability.
chearta agus ar dhualgais rights and duties
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
ar dualgas on duty
" Ní hamháin sin, ach sáraíodh gealltanas reachtúil a bhí déanta ag an Gharda Síochána ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta.
tá dualgas ar an Stát the state’s obliged
" Chuala muid go léir leithéidí: “De réir an Acht Teanga tá dualgas ar an Stát gach uile doiciméad oifigiúil a aistriú go Gaeilge agus caitear na milliúin Euro ar an chúram seo gach bliain” nó “gheobhaidh tú pointí breise san Ardteist má dhéanann tú do chuid scrúduithe i nGaeilge.
ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán on duty as a Commemoration Committee member
" Bhí mé féin ‘ar dualgas’ mar ball den Choiste Cuimhneachán agus bhí scaifte mór i láthair, áit ar sheinn na píobairí áitiúla Fáinne Geal an Lae.
nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar there couldn’t be a duty
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
nach raibh aon dualgas ar there wasn’t any duty placed on
" Dar leis an mBreitheamh Cooke gur fhág an abairt “dá rogha féin amháin” nach raibh aon dualgas ar an Aire cúiseanna a lua le diúltú iarratas ar shaoránacht.
de dhualgas ar na Sasanaigh the English were obliged
" Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú.
dualgas’ leagtha ar an obligation placed on
" De bharr Alt 10 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá ‘dualgas’ leagtha ar ‘comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
ionas nach mbeadh dualgas ar so that there wouldn’t be a duty on
" Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn.
ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn by which Ireland was obliged
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
neart póilíní ar dualgas plenty of police on duty
" Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.
ar dualgas on duty
" Bhí m’athair féin, Joe, ar dualgas an oíche sin mar ‘fhear faire tine’ agus rinne sé cur síos ar an tubaiste nuair a bhí mé óg.
bhfuil sé de dhualgas ar is obliged
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
de dhualgas ar an muintir dhúchais troid the native people (were) obligated to fight
" Mhaígh cuid de na húdair go raibh sé de dhualgas ar an muintir dhúchais troid ar son a dtíre, mar a bheadh sé ar na coilínigh dá ndéanfaí ionradh ar a máthairthír.
dualgas ar a duty upon
" 2 (m) san Acht Pleanála 2000 dualgas ar na Comhairlí Chontae féachaint chuige go mbíonn chosaint na Gaeilge mar theanga pobail sa nGaeltacht mar chuid lárnach den chóras pleanála.
ní raibh dualgas ar aon duine no one was obliged
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas which have the responsibility for their protection placed on the gov.
" Tá ceantair chaomhnaithe timpeallachta leagtha amach cheana féin de bharr brú ón AE, a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas faoi láthair.
an dualgas ar the duty
" D’admhaigh sé ina aitheasc nuair a d’fhógair sé sonraí na cáinaisnéise go mbeadh sí crua ar mhuintir na hAstráile ach go raibh an dualgas ar gach Astrálach ‘cuid chothrom den ualach a iompar’, mar a thug sé air, leis an ngeilleagar a chur ina cheart.
nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo no one alive shall be obliged to work
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.
ar dualgas on duty
" Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine.
ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána on duty with the Garda Reserve Force
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.