Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá mé ar tí an saol a fhágáil ag seo uilig I've just had enough
" "Tá mé ar tí an saol a fhágáil ag seo uilig," arsa Jemma léi.
go bhfuil an saol ina shuí ar a thóin agat that everything is going your way
" "Anois, a rún," ar seisean, "is dócha go síleann tú go bhfuil an saol ina shuí ar a thóin agat anois.
an rud ba ghaire do pharthas ar an saol seo the closest thing to paradise
" Bhí sé ráite gurbh é Bali, oileán san Indinéis taobh thoir de Java, an rud ba ghaire do pharthas ar an saol seo.
cheiliúradh ar an saol celebration of life
" Ardaíonn siad an croí ionainn ar bhealach daonna agus tugann siad deis dúinn taitneamh a bhaint as spórt mar cheiliúradh ar an saol seachas aon rud eile.
í ag machnamh ar éagóir an tsaoil thinking about the unfairness of the world
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
an-saol ar fad a great life
" Deir Máire go raibh an-saol ar fad acu agus iad óg.
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol with the pot of gold which was once ours
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
ar fheabhas an tsaoil really brilliant
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
Bhí an saol ar a sáimhín só ag Fiona. Everything was hunky dory in Fiona's life.
" Bhí an saol ar a sáimhín só ag Fiona.
ag aithris ar réaltacht an tsaoil imitating reality
" Agus go gasta ina dhiaidh sin mheabhraigh mé arís eile an tseancheist shíoraí: an í an litríocht a bhíonn ag aithris ar réaltacht an tsaoil nó réaltacht an tsaoil a bhíonn ag aithris ar an litríocht? Gearrscéal atá in "Bullaí Mhártain".
chun an saol mór a chur ar an eolas to inform the wider population
" Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu.
ar cheann de rúndiamhra an tsaoil one of the mysteries of life
" Ach an é féin atá ann? Is dócha ná a mhalairt nach dtuigfidh sé ariamh agus go mbeidh an *Jewelled Man Date *ar cheann de rúndiamhra an tsaoil i gcónaí.
Ar ámharaí an tsaoil luckily
" *Poseur! Dilettante! * Ar ámharaí an tsaoil, chuala mé go raibh rang Gaeilge chun tosú sa chathair, agus chuaigh mé ann.
ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach thinking about the possibilities of life out on grass
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
ar amharaí an tsaoil luckily
" Ní raibh an t-ádh orm freastal ar ranganna sa Ghaeltacht go dtí seo ach, ar amharaí an tsaoil, bhuail mé le cainteoirí Gaeilge agus bímid i dteagmháil lena chéile ar an idirlíon.
ar sháraigh an saol orthu whom life has defeated
" “Tá na créatúir seo ar sháraigh an saol orthu agus muidinne ina suí anseo agus muid ar maos i maoin shaolta.
Ar ámharaí an tsaoil luckily
" Ar ámharaí an tsaoil níor gortaíodh aon duine, ach fágann eachtraí na hÓmaí deacrachtaí agus fadhbanna móra ag CLG.
ar ámharaí an tsaoil by good fortune
" Ina áit sin, tugadh an t-eolas d’iriseoir faoi leith atá, ar ámharaí an tsaoil, ina dhlúthchara de chuid an Aire.
An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? Does city life agree with a country woman like yourself?
" Ní dochar ar bith é do chuile Éireannach “printíseacht” a dhéanamh san ardchathair! AÓF: Agus an dtaitníonn Baile Átha Cliath leat? An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? RNicD: Réitíonn faoi láthair ar aon nós cé nach bhfuil sé chomh héasca céanna aithne a chur ar dhaoine ann is atá sé amuigh faoin tuath.
Ar ábharaí an tsaoil luckily
" Ar ábharaí an tsaoil, tháinig agus d’imigh an spéirling oíche Déardaoin, agus cé is moite de cheathanna troma, bhí an aimsir cineálta go leor, go háirithe ar an Domhnach don chríoch.
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol. that the experience they had on television ruined their lives.
" Creideann an dream seo gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
ag machnamh ar an saol. reflecting on life.
" Bhí suim mhór ag Rembrandt san aghaidh dhaonna agus d’fhill sé ar an ábhar sin arís agus arís eile ar feadh a shaoil – seanaghaidheanna agus aghaidheanna óga agus go háirithe a ghnúis féin, ó Rembrandt an t-ógánach spionnúil aigeanta, go dtí an seanduine spíonta, ag machnamh ar an saol.
Tháinig Martin ar an saol i Chicago Martin was born in Chicago
" Tháinig Martin ar an saol i Chicago ach tógadh i Milwaukee é, áit a mbíonn féile ollmhór bhliantúil Éireannach ar siúl, an ceann is mó ar domhan b’fhéidir.
ag dul i dtaithí ar an saol gan Ger. getting used to life without Ger.
" ***** Tar éis an tsearmanais ghearr ag an reilig thiomáineamar isteach chuig óstán i gCaisleán an Bharraigh agus tríd an tráthnóna d’fhágamar slán ag an teaghlach le go dtosóidís an próiseas mall sin, ag dul i dtaithí ar an saol gan Ger.
ar ámharaí an tsaoil, luckily,
" Níl sé míréasúnta a chreidbheáil go raibh rún aige lámh a chur ina bhás féin agus é an-óg agus, ar ámharaí an tsaoil, níor éirigh leis.
a tháinig an ceathrú leanbh dá cuid ar an saol. her fourth child was born
" Nuair a cuireadh den bhád í, ba ar thalamh Phort Láirge a leag sí a cos agus ba in ospidéal na cathrach sin a tháinig an ceathrú leanbh dá cuid ar an saol.
Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada but inspite of it being around for a long time
" Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada (bhuel, sean-nós!), tá damhsa ar an sean-nós díreach ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha anois agus ag fáil an aitheantais atá tuillte aige.
fágann muid rian ar an saol we leave a mark on the world
" Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
ar shaol an fhir mhistéirigh about the life of this mysterious man
" Bhí gach ceann acu lán rudaí nach raibh mórán tábhachta ag baint leo den chuid is mó – mionsonraí an tsaoil laethúil atá iontu, ach tugann siad léargas dúinn ar shaol an fhir mhistéirigh seo.
díriú ar an ghné sin dá saol to focus on that aspect of her life
" Dúirt sí go bhfuil sé de nós ag iriseoirí díriú ar an ghné sin dá saol le fada ach gur “iriseoireacht leisciúil” é a leithéid a dhéanamh.
Tháinig sé ar an saol he was born
" Tháinig sé ar an saol i 1956 agus liostáil san arm agus é 17 mbliana d’aois.
ar an saol into being
" Is fíor a rá gur tháinig córas na gcoistí ar an saol le fiche bliain anuas agus gur céim chun cinn atá san fhorbairt seo.
ar íorónaí an tsaoil é it's extremely ironic
" Sin ráite, ar íorónaí an tsaoil é, creidim féin nach mbeadh an rath atá ar Shinn Féin inniu ann ach go bé í.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil unfortunately
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil áfach, tá gnóthaí polaitíochta na Pacastáine ag éirí míshocair le tamall anuas agus ní fios cén treo a rachaidh an Phacastáin amach anseo.
ar ámharaí an tsaoil fortunately
" Ní théann ár bhformhór thar fóir leis an nós seo ar ámharaí an tsaoil, ach ag an am céanna, ba chóir dúinn a bheith ar an airdeall.
ar an saol in existence
" Tá an Cumann Lúthchleas Gael 125 bliain ar an saol i mbliana.
thabhairt ar an saol to bring into being
" Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
tháinig tú ar an saol you were born
" SMM: Cén tslí gur oibrigh sé amach gur i Quebec a tháinig tú ar an saol - An raibh do mhuintir seal gairid nó fada thiar ansin? BNC: Bhí mo mhuintir i gCeanada ar feadh deich mbliana.
Ar ámharaí an tsaoil luckily
" "Ar ámharaí an tsaoil, táthar ag comóradh shaoradh na gcampaí géibhinn i gcaitheamh an dara cogadh domhanda leathchéad bliain ó shin faoi láthair ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn don Drochshaol céad caoga bliain ó shin a bheith á thabhairt chun cuimhne abhus" a deir sé.
tháinig ar an saol was born
" Ba de bhunadh Albanach í Mary, a tháinig ar an saol i Melbourne sa bhliain 1842, a bhí go luath i stair chine geal na tíre seo.
Ar amharaí an tsaoil as luck would have it
" Ar amharaí an tsaoil, ní raibh sé ann ar mhaidin 11 Meán Fómhair mar d’áitigh a bhean air nár cheart dó coinne lena dheirmeolaí a chailliúnt.
tháinig sise ar an saol she was born
" Maidir le mo mháthair, tháinig a muintir sise amach as Liatroim, agus lonnaigh siad i mBrooklyn New York, áit ar tháinig sise ar an saol sa bhliain 1902.
teacht ar an saol being born
" De bharr an triomaigh, ní raibh rath ar fheirm a mhuintire agus go gairid tar éis do Lula teacht ar an saol, thug a athair aghaidh ar chathair mhór São Paulo, mar a rinne na milliúin eile.
Tháinig ar an saol the whole world came
" Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin *Quora*, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín.
ar íorónaí an tsaoil it was most ironic
" Tharla gan eolas a bheith agam ar an cheantar, ar íorónaí an tsaoil, ba é Brian Ervine, deartháir duine de na polaiteoirí dílseacha ba mhó clú, David Ervine nach maireann, a thug ann mé.
tháinig mé féin ar an saol I was born
" "B'as Coillte Mach do mo mháthair ach ainneoin go raibh m'athair ag obair i Rinn Mhic Giolla Rua mar innealtóir sibhialta, i mBéal Átha na Muice a tháinig mé féin ar an saol," arsa an tAire liom ina hoifig i dTeach Rathgael i mBeannchar, Contae an Dúín.
thig an duine nuabheirthe ar an saol newly born human comes into the world
" Nuair a thig an duine nuabheirthe ar an saol, bíonn an chuid is mó dá inchinn liog-rianaithe do ghné thábhachtach amháin.
Ar íorónaí an tsaoil ironically enough
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
ar an saol into the world
" Leis an samhradh álainn seo, tiocfaidh glúin nua ainmhithe ar an saol, ach ní fheicfidh tú roinnt de na sinigh seo go héasca, gan cuairt a thabhairt ar an trá.
theacht ar an saol be born
" Is cosúil go bhfuiltear amuigh ansin a sheasann in aghaidh uachtaránacht Obama mar, dar leo, níor rugadh sna Stáit Aontaithe é, agus dar le Bunreacht Mheiriceá, ní mór don uachtarán theacht ar an saol i Meiriceá.
ar íorónaí an tsaoil very ironically
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
ar ámharaí an tsaoil as luck would have it
" Nuaíocht an tSeanghairbhéalaí ================= Níor chan Bob Dylan *‘Hard Rain’* i gCorcaigh ar ámharaí an tsaoil, ach chan sé mo rogha scread i bPairc Finsbury, i mBuirg Harringey, Tuaisceart Londain dhá lá ina dhiaidh sin.
a tháinig ar an saol who was born
" Throid siad cás Michaela, cailín óg a tháinig ar an saol agus Seargadh Matánach Dromlaigh uirthi agus rugadh í gan chluasa.
an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol the craftsman (shall have) died and life shall have changed
" Ach tá faitíos orm go bhfuil an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol.
chlisfeas an saol ar dhuine life surprises you
" Ach ní fios cén uair a chlisfeas an saol ar dhuine.
ar an saol into being
" An mionlach atá ag cruthú go maith i dtólamh, tuigeann siad an droch-chaoi atá fágtha ag lucht an fhíor-rachmais ar an domhan agus tuigid siad gur go tóin an umair a rachas gach geilleagar mura dtaga teicneolaíocht úrnua ar an saol a chuirfeas borradh céadtach faoin saol.
a theacht ar an saol its being brought into being
" Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol.
chuir bean gin mharbh ar an saol a woman had a stillborn child
" I mbaile eile i gceantar Cluj, chuir bean gin mharbh ar an saol.
ach dhá bhliain ar an saol just two years in existence
" Léiriú ar dhul chun cinn na peile sa chathair seo gurbh fhéidir le cumann na bhFillos dhá fhoireann chumasacha a chur chun páirce, agus gan an cumann céanna ach dhá bhliain ar an saol.
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar what happened amazed
" Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad! Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
ar an saol mór on life, the world
" Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de.
ar ámharaí an tsaoil luckily enough
" Bhí an aimsir go breá le linn mo chuairte ar ámharaí an tsaoil, ach ní fhéadfainn gan lá síne a shamhlú, i lár an gheimhridh, an ghaoth mhór ag caitheamh na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha agus an fhearthainn ag stealladh anuas.
ar íorónaí an tsaoil ironically
" Toghadh é mar chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Dhoire don chéad uair i 1989 agus i 2004, toghadh é mar Ardmhéara na cathrach, fear ón DUP mar Leas-Mhéara agus ar íorónaí an tsaoil, tá an fear a bhí ina bête noir ag an RUC anois ina ina leas-Chathaoirleach ar an Bhord Póilíneachta ó thuaidh.
shílfeá go bhfuil an saol ar a dtoil ag one would think that everything was hunky-dory for
" Don té nach mbeadh a mhalairt ar eolas aige shílfeá go bhfuil an saol ar a dtoil ag pobal na Gaeltachta mar gur leo a thit an t-airgead.
Súil ar Suarachas Saoil an Duine a look at how low humanity goes
" Súil ar Suarachas Saoil an Duine ============ Tugann ‘Amour’ cic mhíthrócaireach sna putóga dúinn.
ag filleadh ar an saol gnáith returning to normal life
" Roinnt seachtaíní i ndiaidh na tubaiste, tá an ceantar ag filleadh ar an saol gnáith arís, ach go deimhin ní dhéanfar dearmad go luath i Nua-Eabhrac ná Nua-Gheirsí ar "Oíche na Gaoithe Móire".
is cuma mar ar tháinig siad chun an tsaoil no matter where they were born
" Ba chóir dúinn caitheamh níos fearr le hÉireannaigh ionchasacha, is cuma mar ar tháinig siad chun an tsaoil ar an gcéad dul síos.
Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh they’ve a rock bottom life ahead of them
" Saol ar an trá fholamh a bheidh i ndán dóibh gan amhras.
ar shaol an oileáin of island life
" An dá luath ’s a d’imigh muid den bhóthar thar na craigeanna loma, bhí léargas eile le fáil ar shaol an oileáin.
sách fada ar an saol seo long enough in the world
" Briseadh na Teorann: ======= Táimse sách fada ar an saol seo is gur deacair dom dearmad a dhéanamh ar an gcogadh uafásach ó thuaidh lenar thacaigh Sinn Féin, i gcaitheamh an achair.
tagtha ar an saol created
" Is beag an uaillmhian atá ag an stát más é an toradh atáthar á lorg tar éis ceithre bliana déag ‘ag foghlaim’ na teanga ná go mbeadh glúin úr de ‘Aindiacha na hArdteiste’ (thuasluaite) tagtha ar an saol.
ar an saol seo in this world
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
Ag Meabhrú ar an Saol thinking about life
"Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
ar mhí-ámharaí an tsaoil as bad luck would have it
" Bhí sé ag imirt i gCill Bharróg nuair a fuair sé buille de chamán, ar mhí-ámharaí an tsaoil a bhris cnámh a ghlúine agus caithfidh mé a rá gur réab sé a chroí mar gurbh í an pheil Ghaelach an rud ab ansa leis ag an am.
an saghas taithí ar an saol the type of life experience
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
ar an saol (came) into being
" Tháinig Idle No More ar an saol i mí na Samhna 2012, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.
a thiocfaidh ar an saol amach anseo yet to be born
" Is iad príomhaidhmeanna an dreama seo timpeallacht na tíre a chosaint agus a chaomhnú ar mhaithe na nglúnta a thiocfaidh ar an saol amach anseo agus oideachas agus athbheochan cultúir a chur ar dhaoine Dúchasacha trí fhéinfheasacht agus chumhachtú.
Ar ámharaí an tsaoil fortunately
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
theacht ar an sonas sa saol to obtain happiness in life
" Cén chomhairle is fearr ab fhéidir a chur ar dhuine ar bith againn? Comhairle le theacht ar an sonas sa saol, b’fhéidir.
péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil the cards of life were being
" An stair agus an lá atá inniu ann: péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil a leagan ar an mbord.
Chuirfeadh an saol mór béim ar líofacht the whole world would emphasis (his) fluency
" Chuirfeadh an saol mór béim ar líofacht Hogan ós rud é go labhraíonn sé go poiblí go minic ag comhdhálacha éagsúla a bhaineann le stair bhunreachtúil na hÉireann.
bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol a band of fighters materialized on the spot
" I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe.
dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol if she was forced to bear the child
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
siar ar bhotúin an tsaoil back at life’s mistakes
" D’fhéach na coda difriúla den inchinn siar ar bhotúin an tsaoil, agus labhraíodar linn go tobann trí mheán chnaipe a bhí in aice lena gcosa a chur solas ar siúl.
Tiocfaidh an páiste ar an saol sa mbaile the child shall be born at home
"Tiocfaidh an páiste ar an saol sa mbaile,” arsa Miriam.
Léamh ar shaol an cheoil a reading of a life of music
" ** Léamh ar shaol an cheoil agus an cheoltóra atá sa leabhar seo.
thagann leanaí ar an saol a child is born
" Gan dabht tá rudaí níos mó sa tsaol ná caid – nuair a thagann leanaí ar an saol is mar sin ach ní chreideas é sin ag an am! **CB: An buaicphointe do ana-chuid againne ab ea an óráid cháiliúil Gaelainne a thugaise ag an gcluiche ceannais 2004.
anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh hardship carved on the (facial) features
" Tá caighdeán ardghléine le feiceáil in achan phortráid agus anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh agus i súile achan duine iontu.
agus í ar an saol when she lived
" Ní dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, dá mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach tá sé ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin.
le haird an tsaoil a tharraingt ar to attract attention globally
" Má tá dhá ní ann a thóg na Breatnaigh tar éis bhunú an tSeanaid i 1999 le haird an tsaoil a tharraingt ar an tír, sin iad an Milennium Stadium don rugbaí agus Canolfan y Mileniwm don cheol iad.
páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol children who were dead back to life
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
comhlíonta ar an saol aige spent in the world
" Ar theacht amach dó, lean sé air mar easpag, anuas go dtí a bhás i 343 le 63 bliain comhlíonta ar an saol aige.
an ngné seo dár saol ar líne this aspect of our life on line
" Is minic a smaoiním ar an ngné seo dár saol ar líne i ndáiríre agus is oth liom a rá nach rómhinic a bheadh na smaointí seo infhoilsithe.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil unfortunately
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ár uafásach fuilteach i Rwanda an bhliain inar toghadh Mandela mar uachtarán.
Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil more than any other night
" Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil, bhí lán a' tí de lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade.
tháinig ár gcéad leanbh ar an saol our first child was born
" Is cuimhin liom, sula raibh páistí agam, nach raibh mórán spéise agam i gcarranna fada, ach ón am a tháinig ár gcéad leanbh ar an saol thuig mé an chiall a bhaineann leo.
nach dtiteann an saol óna chéile ar fad that life doesn’t come apart at the seams
" Ar bhealach, nuair a chuirtear gach rud a deir sé san áireamh, is iontach nach dtiteann an saol óna chéile ar fad.
bhímid de shíor ar an saol seo we are continually in this life
" Ag bogadh agus ag athrú a bhímid de shíor ar an saol seo.
an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol was art mimicking life
" Níl a fhios agam an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol nó a mhalairt ach chonaic mé mír amharclannaíochta an tseachtain seo caite a d’aistrigh isteach sa saol réadúil lá nó dhó ina dhiaidh.
a tháinig ar an saol who were born
" Is dócha go raibh siad i measc an dara ghlúin d'inimirceoirí a tháinig ar an saol in Éirinn.