Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beochan animation
" Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d'fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl.
anamúlacht animation
" Tá Éire i measc na dtíortha Eorpacha is mó a athchraolann cartúin agus anamúlacht eile de dhéantús na Stát Aontaithe, agus i measc na dtíortha Eorpacha is lú a dhéanann freastal ar pháistí maidir le cláracha oideachasúla, fíriciúla nó drámaíochta de.
cláracha anamúlachta animation programmes
" Fuair sí a céad phost mar léiritheoir faoi oiliúint le comhlacht darbh ainm Hofnaflús a bhíodh ag déanamh cláracha anamúlachta.
bheochain bhríomhara lively animations
" Idir mhíreanna físe, bheochain bhríomhara agus thaispeántais idirghníomhacha, tá áiseanna den scoth curtha ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu i Mars - agus sa teicneolaíocht agus san eolaíocht go ginearálta.
beochana animations
" Sraith do pháistí réamhscoile a bheidh sna beochana 'Katie agus Rookie'.
i dtionscadail idirnáisiúnta anamúlachta in international animation projects
" Beidh an t-aitheantas sin an-úsáideach don chomhlacht, agus suas le €10 milliún le hinfheistiú acu i dtionscadail idirnáisiúnta anamúlachta uaidh seo go lár na bliana seo chugainn.
bheochan animation
" " Lean an spéis sin sa bheochan, mar le linn a chuid taithí oibre agus é fós sa mheánscoil, chuaigh sé ag obair le Sullivan Bluth Studios i mBaile Átha Cliath.
cillíní animation cells
" An jab a bhí agam ná pictiúirí na n-ealaíontóirí a fhótachóipeáil, agus seoladh ansin iad chuig an gCóiré le bheith aistrithe ina gcillíní agus le bheith péinteáilte.
bheochan fíorúil idirghníomhach interactive virtual animation
" " Tá go leor plé á dhéanamh ar bheochan fíorúil idirghníomhach de theach iargúlta ar chónaigh Osama bin Laden ann ar feadh tamaill san Afganastáin i 1996, saothar a chruthaigh na healaíontóirí Ben Langlands agus Nikki Bell.
i gcúrsaí beochana in animation
" Ceannródaithe a bhí i Barbera agus a pháirtí, William Hanna, agus chuir an bheirt acu spréach agus úire i gcúrsaí beochana le cartúin mar *The Flintstones*, *Scooby Doo*, *Yogi Bear*, *The Jetsons *agus *Tom and Jerry*.
d'fhorbair siad stíl bheochana they developed a style of animation
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
brí agus spiorad animation and spirit
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
beochana animation
" Thug go leor de na tuairiscí luatha le fios go mb’fhéidir go raibh baint ag an eachtra le *South Park*, an scigchlár beochana teilifíse, ós rud é gur páirceáladh an SUV, líonta le leasachán neamhphléascach, thart ar bhloc ó cheanncheathrú Viacom ar leis *Comedy Central*.
beochain animation
" Is é sin beochain, fuaim, dathanna láidre is teachtaireachtaí simplí le carachtair is íocóin atá inaitheanta agus tarraingteach.
beochan animation
" (Ceart is cóir dó, seachnaíonn Malick an deabhal CGI – beochan ar an sean-nós is ansa leis.
beochan animation
" EO Teilifís ó thaobh Ros na Rún, tá siad ag déanamh sraithe dramaíochta do TV3 agus tá siad ag obair linne ar an scéim Scéal i mbliana; Telegael ar bhun idirnáisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann daoine an méid atá bainte amach ag Telegael ó thaobh sraitheanna beochan idirnáisiúnta agus an t-airgead atá said ag tarraingt isteach sa tír.