Tá sé breis is bliain ó maraíodh aon duine ar an teorainn leis an Indinéis agus deir fórsaí na hIndinéise go bhfuil deireadh leis na mílístí a bhí ag tarraingt achrainn ansin.
Go dtí le gairid níor tugadh mórán airde ar an bhfliú éan sa tír seo ach anois tá an galar tar éis leathadh chomh fada ó dheas leis an Indinéis, áit ar bhásaigh cúigear le dhá mhí.
D'fhreastail Liz Curtis ar chaint faoi Phapua Thiar i mBaile Átha Cliath le déanaí agus chuala sí cur síos ar an ghéarleanúint atá á himirt ag an Indinéis ar mhuintir na tíre sin.
Tá caidreamh i bhfad níos fearr ag an Timor Thoir leis an Indinéis anois ach níl aon réiteach faighte fós ar an aighneas atá ar siúl le tamall idir í féin agus an Astráil.